+Airteagal 16
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
|
Airteagal 16
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Bunófar comhfhoireann maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar gach eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid. Beidh gach comhfhoireann maoirseachta comhdhéanta d’fhoireann ón Údarás agus ó na maoirseoirí airgeadais atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid ar an leibhéal náisiúnta. Ceapfar baill na comhfhoirne maoirseachta i gcomhréir le mír 4 agus oibreoidh siad faoi chomhordú baill foirne ainmnithe ón Údarás (‘comhordaitheoir JST’).
|
|
Airteagal 16 2.
|
Áiritheoidh comhordaitheoir JST comhordú na hoibre laistigh den chomhfhoireann maoirseachta. Leanfaidh baill na comhfhoirne maoirseachta treoracha chomhordaitheoir JST a mhéid a bhaineann lena gcúraimí sa chomhfhoireann maoirseachta. Beidh an méid sin gan dochar dá gcúraimí agus dá ndualgais laistigh dá maoirseoirí airgeadais faoi seach. Féadfaidh gach maoirseoir airgeadais a cheapann níos mó ná ball foirne amháin chuig an gcomhfhoireann maoirseachta de bhun mhír 4, duine amháin díobh a ainmniú mar fho-chomhordaitheoir (‘fo-chomhordaitheoir náisiúnta’). Tabharfaidh na fo-chomhordaitheoirí náisiúnta cúnamh do chomhordaitheoir JST maidir le heagrú agus comhordú na gcúraimí sa chomhfhoireann maoirseachta, go háirithe maidir leis na baill foirne a cheap an maoirseoir airgeadais céanna leis an bhfo-chomhordaitheoir náisiúnta ábhartha. Féadfaidh an fo-chomhordaitheoir náisiúnta treoracha a thabhairt do bhaill na comhfhoirne maoirseachta arna gceapadh ag an maoirseoir airgeadais céanna, ar choinníoll nach mbeidh na treoracha sin ag teacht salach ar na treoracha arna dtabhairt ag comhordaitheoir JST.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Beidh an méid seo a leanas san áireamh i gcúraimí comhfhoirne maoirseachta:
(a)
na hathbhreithnithe agus na measúnuithe maoirseachta a dhéanamh ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid;
(b)
cigireachtaí ar an láthair a chomhordú ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid agus bearta maoirseachta a ullmhú i gcás inar gá;
(c)
páirt a ghlacadh in ullmhú na ndréachtchinntí is infheidhme maidir leis an eintiteas roghnaithe áirithe faoi oibleagáid a bheidh le moladh don Bhord Ginearálta agus don Bhord Feidhmiúcháin, agus na hathbhreithnithe, na measúnuithe agus na cigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) á gcur san áireamh;
(d)
idirchaidreamh a dhéanamh le maoirseoirí airgeadais i gcás inar gá sin chun cúraimí maoirseachta a fheidhmiú in aon Bhallstát ina bhfuil eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid bunaithe.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Beidh an tÚdarás freagrach as bunú agus comhdhéanamh comhfhoirne maoirseachta. Ceapfaidh an tÚdarás agus na maoirseoirí airgeadais lena mbaineann duine amháin nó níos mó óna bhfoireann mar bhall nó mar bhaill de chomhfhoireann maoirseachta. Féadfar ball a cheapadh ina bhall de bhreis agus comhfhoireann maoirseachta amháin.
|
|
Airteagal 16 5.
|
Rachaidh an tÚdarás agus na maoirseoirí airgeadais i gcomhar le chéile agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le húsáid ball foirne maidir leis na comhfhoirne maoirseachta.
|
|
Airteagal 16 6.
|
Forbróidh an tÚdarás rialacha agus nósanna imeachta oibríochtúla inmheánacha maidir le comhdhéanamh na gcomhfhoirne maoirseachta, go háirithe maidir le baill foirne ó gach maoirseoir airgeadais, stádas na mball foirne ó mhaoirseoirí airgeadais, leithdháileadh acmhainní daonna ag an Údarás ar na comhfhoirne maoirseachta, lena n-áiritheofar go mbeidh na foirne sin comhdhéanta de bhaill foirne a bhfuil leibhéal leordhóthanach eolais, saineolais agus taithí acu, agus a mbeidh eolas, cúlraí, saineolas agus taithí acu atá éagsúil a ndóthain.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|