+Airteagal 37 1.

Airteagal 37 1.

I gcás ina bhfuil forais ag an Údarás chun bheith in amhras nach bhfuil gníomhartha an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo curtha i bhfeidhm ag maoirseoir seach-airgeadais nó ag údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, nó go bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige ar bhealach ina ndealraítear go sáraíonn sé dlí an Aontais, cuirfidh sé an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann ar an eolas faoi na sáruithe amhrasta sin agus déanfaidh sé imscrúdú orthu.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh an tÚdarás gníomhú arna iarraidh sin do mhaoirseoir seach-airgeadais nó d’údarás poiblí amháin nó níos mó ná sin, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, nó ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha de bhun Airteagal 90.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas