+Airteagal 68
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.
---+Airteagal 68 4.
---+Airteagal 68 5.
|
Airteagal 68
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 68 1.
|
Roghnófar Cathaoirleach an Údaráis ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais, sláine, seasaimh agus taithí aitheanta i réimse AML/CFT agus cáilíochtaí ábhartha eile, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Coinneofar Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Bord Ginearálta ar an eolas go cuí ag gach céim den nós imeachta sin go tráthúil. Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta de bheirt iarrthóirí cháilithe ar a laghad do phost Chathaoirleach an Údaráis. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Bord Ginearálta éisteachtaí na n-iarrthóirí ar an ngearrliosta sin a stiúradh. Féadfaidh an Bord Ginearálta tuairim phoiblí a eisiúint maidir le torthaí a éisteachtaí, nó a thuairim a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún moladh maidir le ceapadh Chathaoirleach an Údaráis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun Cathaoirleach an Údaráis a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. De mhaolú ar an dara fomhír, déanfaidh an Coimisiún, i ndáil leis an gcéad Chathaoirleach ar an Údarás a cheapadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh cheapachán an Chathaoirligh gan an Bord Ginearálta a bheith rannpháirteach.
|
|
Airteagal 68 2.
|
Gníomhóidh Cathaoirleach an Údaráis go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh sé nó sí treoracha ná ní ghlacfaidh sé nó sí iad ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais ná ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. Urramóidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, rialtais na mBallstát agus gach comhlacht poiblí nó príobháideach eile an neamhspleáchas sin.
|
|
Airteagal 68 3.
|
4 bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis. Le linn an 12 mhí roimh dheireadh théarma oifige 4 bliana an Chathaoirligh, déanfaidh an Bord Ginearálta sa dá chomhdhéanamh nó i gcoiste níos lú a roghnófar as measc chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta, lena n-áirítear ionadaí ón gCoimisiún, measúnú ar an gCathaoirleach. Sa mheasúnú déanfar meastóireacht ar fheidhmíocht an Chathaoirligh agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis amach anseo a chur i gcuntas. Bunaithe ar an measúnú, féadfaidh an Coimisiún a mholadh do Pharlaimint na hEorpa síneadh a chur le téarma oifige an Chathaoirligh. Ní fhéadfar an síneadh sin a dheonú ach aon uair amháin. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra ón gCoimisiún a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun síneadh a chur le téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
|
|
Airteagal 68 4.
|
I gcás nach gcomhlíonfaidh Cathaoirleach an Údaráis a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun a chuid nó a cuid dualgas a fheidhmiú nó i gcás go bhfuarthas ciontach é nó í i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar a tionscnamh féin nó tar éis togra ó Pharlaimint na hEorpa nó ón mBord Ginearálta i gceachtar den dá chomhdhéanamh, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun Cathaoirleach an Údaráis a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
|
|
Airteagal 68 5.
|
Má éiríonn an Cathaoirleach as nó mura bhfuil sé nó sí in ann freastal ar a chuid nó a cuid dualgas ar chúis ar bith eile, is é nó í an Leas-Chathaoirleach a dhéanfaidh feidhmeanna an Chathaoirligh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|