+Airteagal 102
---+Airteagal 102 1.
---+Airteagal 102 2.
---+Airteagal 102 3.
---+Airteagal 102 4.
|
Airteagal 102
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 102 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisc a tharraingt suas ar fheidhmíocht an Údaráis i leith a chuspóirí, a shainordaithe, a chúraimí agus a shuímh, i gcomhréir le treoirlínte ón gCoimisiún. Tabharfar aghaidh sa tuairisc sin, go háirithe, ar an méid seo a leanas:
(a)
an gá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú an Údaráis a leasú, agus na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon leasú den sórt sin;
(b)
tionchar ghníomhaíochtaí maoirseachta agus cúraimí uile an Údaráis ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine, agus go sonrach an éifeachtacht maidir leis na nithe seo a leanas:
(i)
cúraimí maoirseachta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le maoirseacht dhíreach ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid;
(ii)
maoirseacht indíreach ar eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid;
(iii)
formhaoirseacht indíreach ar eintitis eile faoi oibleagáid;
(c)
tionchar na ngníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht agus comhordú FIUnna, agus go háirithe comhordú na n-anailísí comhpháirteacha ar ghníomhaíochtaí agus idirbhearta trasteorann arna ndéanamh ag FIUnna;
(d)
neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;
(e)
oiriúnacht socruithe rialachais, lena n-áirítear comhdhéanamh an Bhoird Feidhmiúcháin, na socruithe vótála ann agus an caidreamh atá aige leis an mBord Ginearálta;
(f)
costéifeachtacht an Údaráis, más iomchuí, ar leithligh i ndáil lena fhoinsí áirithe cistiúcháin;
(g)
éifeachtacht an tsásra iontaofa in aghaidh chinntí an Údaráis agus na socruithe neamhspleáchais agus cuntasachta is infheidhme maidir leis an Údarás;
(h)
éifeachtacht socruithe comhair agus comhroinnt faisnéise idir an tÚdarás agus údaráis neamh-AML/CFT;
(i)
an t-idirghníomhú idir an tÚdarás agus údaráis agus comhlachtaí maoirseachta eile an Aontais, lena n-áirítear ÚBE, Europol, Eurojust, OLAF agus OIPE;
(j)
raon feidhme na maoirseachta dírí agus na critéir agus an mhodheolaíocht i dtaobh eintitis a mheasúnú agus a roghnú le haghaidh maoirseacht dhíreach;
(k)
éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí an Údaráis;
(l)
an éifeachtacht agus an cóineasú i dtaca le cleachtais mhaoirseachta arna mbaint amach ag na húdaráis inniúla agus ról an Údaráis iontu.
|
|
Airteagal 102 2.
|
Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:
(a)
i dtaobh an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;
(b)
i dtaobh an iomchuí cúraimí maoirseachta breise a thabhairt don Údarás maidir le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais, ina sonrófar, de réir mar is iomchuí, na cineálacha eintiteas ar cheart dóibh a bheith faoi réir na gcúraimí maoirseachta breise;
(c)
i dtaobh an iomchuí cúraimí breise a thabhairt don Údarás i réimse na tacaíochta agus an chomhordaithe ar obair FIUnna;
(d)
i dtaobh an iomchuí cumhachtaí smachtbhannaí breise a thabhairt don Údarás.
|
|
Airteagal 102 3.
|
I ngach dara tuairisc, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú críochnúil ar na torthaí a bhain an tÚdarás amach ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú, dá chúraimí agus dá chumhachtaí, lena n-áirítear measúnú ina bpléifear an bhfuil bonn cirt fós le leanúint an Údaráis ó thaobh na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na gcúraimí sin de.
|
|
Airteagal 102 4.
|
Déanfar an tuairisc agus aon togra a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|