+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
---+Airteagal 3 (4)
---+Airteagal 3 (5)
---+Airteagal 3 (6)
---+Airteagal 3 (7)
---+Airteagal 3 (8)
---+Airteagal 3 (9)
---+Airteagal 3 (10)
---+Airteagal 3 (11)
---+Airteagal 3 (12)
---+Airteagal 3 (13)
---+Airteagal 3 (14)
---+Airteagal 3 (15)
---+Airteagal 3 (16)
---+Airteagal 3 (17)
---+Airteagal 3 (18)
---+Airteagal 3 (19)
---+Airteagal 3 (20)
---+Airteagal 3 (21)
---+Airteagal 3 (22)
---+Airteagal 3 (23)
---+Airteagal 3 (24)
---+Airteagal 3 (25)
---+Airteagal 3 (26)
---+Airteagal 3 (27)
---+Airteagal 3 (28)
---+Airteagal 3 (29)
---+Airteagal 3 (30)
---+Airteagal 3 (31)
---+Airteagal 3 (32)
---+Airteagal 3 (33)
---+Airteagal 3 (34)
---+Airteagal 3 (35)
---+Airteagal 3 (36)
---+Airteagal 3 (37)
---+Airteagal 3 (38)
---+Airteagal 3 (39)
---+Airteagal 3 (40)
---+Airteagal 3 (41)
---+Airteagal 3 (42)
---+Airteagal 3 (43)
---+Airteagal 3 (44)
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 (1)
|
ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas” daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach a bheith acu sa tsochaí ar bhonn comhionannais;
|
|
Airteagal 3 (2)
|
ciallaíonn “táirge” substaint, ullmhóid nó earra arna táirgeadh nó arna tháirgeadh trí phróiseas monaraithe agus nach bia, beatha, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo í nó é;
|
|
Airteagal 3 (3)
|
ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 4 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);
|
|
Airteagal 3 (4)
|
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís ar mhargadh an Aontais nó a dhéanann tairiscintí seirbhís den chineál sin a sholáthar do thomhaltóirí san Aontas;
|
|
Airteagal 3 (5)
|
ciallaíonn “seirbhísí meán closamhairc” seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) de Threoir 2010/13/AE;
|
|
Airteagal 3 (6)
|
ciallaíonn “seirbhísí lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc” seirbhísí a tharchuirtear trí líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun faisnéis a shainaithint, a roghnú, a fháil, agus d’fhonn féachaint ar sheirbhísí meán closamhairc agus ar aon ghnéithe, amhail fotheidil don té atá bodhar agus don té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta, cur síos labhartha, fotheidil labhartha, agus ateangaireacht sa teanga chomharthaíochta, atá mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2010/13/AE chun seirbhísí a dhéanamh inrochtana; agus áirítear leis an sainmhíniú seo eolairí leictreonacha clár (EPGanna);
|
|
Airteagal 3 (7)
|
ciallaíonn “trealamh teirminéil le cumas ríomhaireachta idirghníomhaí do thomhaltóirí, a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí meán closamhairc” aon trealamh arb é is príomhchuspóir dó rochtain a chur ar fáil ar sheirbhísímeán closamhairc;
|
|
Airteagal 3 (8)
|
ciallaíonn “seirbhís cumarsáide leictreonaí” seirbhís cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;
|
|
Airteagal 3 (9)
|
ciallaíonn “seirbhís comhrá iomláin” seirbhísí comhrá iomláin mar a shainmhínítear i bpointe 35 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;
|
|
Airteagal 3 (10)
|
ciallaíonn “pointe freagartha glaonna éigeandála” nó “PFGE” pointe freagartha glaonna éigeandála nó PFGE mar a shainmhínítear i bpointe 36 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;
|
|
Airteagal 3 (11)
|
ciallaíonn “PFGE is iomchuí” PFGE is iomchuí mar a shainmhínítear i bpointe 37 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;
|
|
Airteagal 3 (12)
|
ciallaíonn “cumarsáid éigeandála” cumarsáid éigeandála mar a shainmhínítear i bpointe 38 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;
|
|
Airteagal 3 (13)
|
ciallaíonn “seirbhís éigeandála” seirbhís éigeandála mar a shainmhínítear i bpointe 39 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;
|
|
Airteagal 3 (14)
|
ciallaíonn “téacs fíor-ama” foirm téacs-chomhrá i ndálaí pointe go pointe nó cian-chomhdhála ilphointe nuair a sheoltar an téacs a chuirtear isteach ar bhealach a measann an t-úsáideoir go bhfuil an teachtaireacht leanúnach ar bhonn carachtar ar charachtar;
|
|
Airteagal 3 (15)
|
ciallaíonn táirge “a chur ar fáil ar an margadh” aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;
|
|
Airteagal 3 (16)
|
ciallaíonn “cur ar an margadh” táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
|
|
Airteagal 3 (17)
|
ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc féin;
|
|
Airteagal 3 (18)
|
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le tascanna sonraithe;
|
|
Airteagal 3 (19)
|
ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;
|
|
Airteagal 3 (20)
|
ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;
|
|
Airteagal 3 (21)
|
ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó an soláthraí seirbhíse;
|
|
Airteagal 3 (22)
|
ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a cheannaíonn an táirge ábhartha nó a fhaigheann an tseirbhís ábhartha chun críocha atálasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;
|
|
Airteagal 3 (23)
|
ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí aige agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 2 mhilliún aige nó nó iomlán bliantúil ar a chlár comhardaithe aige nach mó ná EUR 2 mhilliún;
|
|
Airteagal 3 (24)
|
ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” (FBManna) na fiontair sin ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún acu, nó iomlán bliantúil ar a chlár comhardaithe nach mó ná EUR 43 milliún, gan micrifhiontair san áireamh;
|
|
Airteagal 3 (25)
|
ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe’” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
|
|
Airteagal 3 (26)
|
ciallaíonn “sonraíocht theicniúil ” sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena soláthraítear modh chun na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme a chomhlíonadh maidir le táirge nó seirbhís;
|
|
Airteagal 3 (27)
|
ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;
|
|
Airteagal 3 (28)
|
ciallaíonn “seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí” na seirbhísí baincéireachta agus airgeadais a leanas a sholáthar do thomhaltóirí:
|
(a)
|
comhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) nó le Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);
|
|
(b)
|
seirbhísí a shainítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 i Roinn A agus i bpointí 1, 2, 4 agus 5 i Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);
|
|
(c)
|
seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 3 d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);
|
|
(d)
|
seirbhísí atá nasctha leis an gcuntas íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 2 de Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32); agus
|
|
(e)
|
airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);
|
|
|
Airteagal 3 (29)
|
ciallaíonn “teirmineálá íocaíochta” gléas arb é is príomhchuspóir dó go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh leis trí úsáid a bhaint as ionstraimí íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366/AE ag díolphointe fisiciúil ach ní i dtimpeallacht fhíorúil;
|
|
Airteagal 3 (30)
|
ciallaíonn “seirbhísí ríomhthráchtála” seirbhísí a sholáthraítear go cianda, trí shuíomhanna gréasáin agus seirbhísí gléas móibílbhunaithe, trí mheán leictreonach agus ar iarratas tomhaltóir aonair ar chur i gcrích conartha do thomhaltóirí;
|
|
Airteagal 3 (31)
|
ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí aeir” aersheirbhísí tráchtála do phaisinéirí, mar a shainmhínítear i bpointe (l) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006, ar imeacht dóibh as, ar imeacht dóibh trí, nó ar shroicheadh aerfoirt dóibh, nuair atá an t-aerfort suite i gcríoch Ballstáit, lena n-áirítear eitiltí a imíonn as aerfort atá lonnaithe i dtríú tír chuig aerfort atá lonnaithe i gcríoch Ballstáit ina bhfuil na seirbhísí arna n-oibriú ag aeriompróirí de chuid an Aontais;
|
|
Airteagal 3 (32)
|
ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí bus” seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011;
|
|
Airteagal 3 (33)
|
ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí iarnróid” na seirbhísí go léir do phaisinéirí iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007, seachas na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de;
|
|
Airteagal 3 (34)
|
ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí ar uisce” seirbhísí do phaisinéirí, a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010, cé is moite de sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;
|
|
Airteagal 3 (35)
|
ciallaíonn “seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha” seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);. ach chun críocha na Treorach seo, ní áirítear iontu ach na modhanna iompair seo a leanas: iarnród, bus agus cóiste, meitreo, tram agus bus tralaí;
|
|
Airteagal 3 (36)
|
ciallaíonn “seirbhísí iompair réigiúnacha” seirbhísí réigiúnacha mar a shainmhínítear i bpointe 7 d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE; ach chun críocha na Treorach seo ní áirítear iontu ach an modh iompair seo a leanas: iarnród, bus agus cóiste, meitreo, tram agus bus tralaí;
|
|
Airteagal 3 (37)
|
ciallaíonn “teicneolaíocht chúnta” aon ítim, píosa trealaimh, seirbhís nó córas táirge lena n-áirítear bogearraí a úsáidtear chun cumais fheidhmiúla daoine faoi mhíchumas a mhéadú, a chothabháil, a ionadú nó a fheabhsú, nó chun lagú, teorainneacha gníomhaíochta nó srianta rannpháirtíochta a mhaolú agus a chúiteamh;
|
|
Airteagal 3 (38)
|
ciallaíonn “córas oibriúcháin”, bogearraí, inter alia, a láimhsíonn an comhéadan le crua-earraí forimeallacha, a leithdháileann cúraimí sceidil agus stóras, agus a chuireann comhéadan mainneachtana ar fáil don úsáideoir nuair nach bhfuil feidhmchláir á reáchtáil, lena n-áirítear comhéadan úsáideora grafach, is cuma an cuid dhílis de chrua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí a leithéid de bhogearraí, nó an bogearraí saorsheasaimh a bheartaítear a reáchtáil ar chrua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí atá ann; ach ní áirítear leis lódálaí córas oibriúcháin, córas bunúsach ionchuir/aschuir, córas nó dochtearraí eile a bhíonn ag teastáil ag am bútála nó nuair a bhíonn an córas oibriúcháin á shuiteáil;
|
|
Airteagal 3 (39)
|
ciallaíonn “córas crua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí” an teaglaim crua-earraí is ríomhaire iomlán ann, ag a bhfuil nádúr ilchuspóireach, an cumas atá aige feidhmiú leis na bogearraí iomchuí, agus é ag ríomh tascanna a bhíonn á n-iarraidh ag tomhaltóirí agus é ceaptha le bheith á oibriú ag tomhaltóirí; lena n-áirítear ríomhairí pearsanta, go háirithe ríomhairí deisce, leabhair nótaí, fóin chliste agus táibléid;
|
|
Airteagal 3 (40)
|
ciallaíonn “cumas ríomhaireachta idirghníomhaí” feidhmiúlacht a thacaíonn le gníomhú idir duine agus gléas lena gceadaítear próiseáil agus tarchur sonraí, gutha nó físeáin, nó aon mheascán díobh sin;;
|
|
Airteagal 3 (41)
|
Ciallaíonn “ríomhleabhar agus bogearraí tiomnaithe” seirbhís a sholáthraíonn comhaid dhigiteacha ina bhfuil leagan leictreonach de leabhar, is féidir a rochtain, a nascleanúint, a léamh agus a úsáid agus na bogearraí lena n-áirítear seirbhísí gléas móibílbhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha atá tiomnaithe do rochtain, nascleanúint, léamh agus úsáid na gcomhad digiteach sin, agus ní áirítear leo bogearraí, a chumhdaítear faoin sainmhíniú i bpointe (42);
|
|
Airteagal 3 (42)
|
ciallaíonn “ríomhléitheoir” trealamh tiomnaithe, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, a úsáidtear le comhaid ríomhleabhair a rochtain, a nascleanúint, a léamh agus a úsáid;
|
|
Airteagal 3 (43)
|
ciallaíonn “ticéid leictreonacha” aon chóras ina bhfuil teidlíocht chun taisteal, i bhfoirm amháin nó níos mó de thicéid taistil, síntiúis taistil nó creidmheas taistil, á stóráil go leictreonach ar phas iompar fisiciúil nó ar ghléas eile, seachas é a bheith priontáilte ar thicéad páipéir;
|
|
Airteagal 3 (44)
|
ciallaíonn “seirbhísí ticéadaithe leictreonaigh” aon chóras ina gceannaítear ticéid iompair paisinéirí, lena n-áirítear ar líne, trí úsáid a bhaint as gléas a bhfuil cumas ríomhaireachta idirghníomhaí aige, agus a sheachadtar chuig an gceannaitheoir i bhfoirm leictreonach, chun gur féidir iad a phriontáil i bhfoirm pháipéir nó iad a thaispeáint ar ghléas soghluaiste tríd an gcumas ríomhaireachta idirghníomhaí nuair a bhítear ag taisteal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|