+Airteagal 7 Éifeacht shuaiteach shuntasach
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
|
Airteagal 7 Éifeacht shuaiteach shuntasach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Agus an tábhacht a bhaineann le héifeacht shuaiteach dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (c), á déanamh amach ag na Ballstáit, cuirfidh siad na critéir seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
an líon úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an tseirbhís fhíor-riachtanach a sholáthraíonn an t-eintiteas lena mbaineann;
|
|
(b)
|
a mhéid a bhraitheann earnálacha agus fo-earnálacha eile mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad ar an tseirbhís riachtanach atá i gceist;
|
|
(c)
|
an tionchar a d’fhéadfadh teagmhais a imirt, ó thaobh méide agus fad tréimhse de, ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol, ar an tsábháilteacht agus ar an tslándáil phoiblí, nó ar shláinte an phobail;
|
|
(d)
|
an sciar den mhargadh atá ag an eintiteas sa mhargadh le haghaidh na seirbhíse riachtanaí nó na seirbhísí riachtanacha lena mbaineann;
|
|
(e)
|
an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann, agus an leochaileacht a bhaineann leis an leibhéal leithlisithe de chineálacha áirithe ceantar geografach, amhail réigiúin oileánacha, réigiúin iargúlta nó ceantair shléibhe, á cur san áireamh;
|
|
(f)
|
an tábhacht a bhaineann leis an eintiteas maidir le leibhéal leordhóthanach na seirbhíse fíor-riachtanaí a choinneáil ar bun, agus an fháil a bheith ar mhodhanna malartacha chun an tseirbhís fhíor-riachtanach sin a sholáthar á cur san áireamh.
|
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Tar éis dóibh na heintitis chriticiúla a shainaithint faoi Airteagal 6 (1), cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin gan moill mhíchuí:
|
(a)
|
liosta de sheirbhísí fíor-riachtanacha sa Bhallstát sin i gcás ina bhfuil aon seirbhísí fíor-riachtanacha breise ann i gcomparáid le liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1);
|
|
(b)
|
an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i gcás gach earnála agus fo-earnála a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus do gach seirbhís fhíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 5(1);
|
|
(c)
|
aon tairseacha a cuireadh i bhfeidhm chun ceann amháin nó níos mó de na critéir i mír 1 a shonrú.
|
Féadfar tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a chur i láthair sa cháil sin nó i bhfoirm chomhiomlánaithe.
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin nuair is gá agus ar a laghad gach 4 bliana.
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 19, treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a éascú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á cur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|