+Security Monitoring (SIEM)
|
Security Monitoring (SIEM)
Put in place mechanisms to detect anomalous activities, including network performance issues, incidents (reported by the third-parties in the services that they provide), and potential material single points of failure. The mechanisms shall enable multi-layers of control, define alerting thresholds, monitoring on specific events and criteria to automatically trigger incident response. Identify and implement tools generating alerts of anomalous activities and behaviour, at least for ICT assets and information assets supporting critical or important functions. Devote sufficient resources to detection and monitoring activities, especially to cybersecurity attacks.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 9 1.
Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais nósanna imeachta um bainistíocht acmhainneachta agus feidhmíochta a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
ceanglais acmhainneachta a gcórais TFC a shainaithint;
(b)
barrfheabhsú acmhainní a chur i bhfeidhm;
(c)
nósanna imeachta faireacháin chun na nithe seo a leanas a choinneáil ar bun agus feabhas a chur orthu:
(i)
infhaighteacht sonraí agus córas TFC;
(ii)
éifeachtúlacht córas TFC;
(iii)
cosc ganntanas acmhainneachta TFC.
|
|
EULAW
|
Airteagal 9 2.
Leis na nósanna imeachta um bainistíocht acmhainneachta agus feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar go ndéanfaidh eintitis airgeadais bearta a bheidh iomchuí chun freastal ar shainiúlachtaí córas TFC a bhfuil próisis soláthair nó formheasa fhada nó chasta acu nó ar shainiúlachtaí córas TFC atá dian ar acmhainní.
|
|
EULAW
|
Airteagal 12 2.
Sna nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí logála dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
sainaithneofar na teagmhais atá le logáil, tréimhse choinneála na logaí agus na bearta chun na sonraí loga a dhaingniú agus a láimhseáil, agus breithniú á dhéanamh ar an gcríoch ar chuici a cruthaíodh na logaí;
(b)
déanfar leibhéal mionsonraí na logaí a ailíniú lena gcríoch agus lena n-úsáid chun go mbeifear in ann gníomhaíochtaí aimhrialta dá dtagraítear in Airteagal 24 a bhrath go héifeachtach;
(c)
an ceanglas go logálfar teagmhais a bhaineann le gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
rialú rochtana loighciúla agus fisicí, dá dtagraítear in Airteagal 21, agus bainistiú céannachta;
(ii)
an toilleadh a bhainistiú;
(iv)
oibríochtaí TFC, lena n-áirítear gníomhaíochtaí córais TFC;
(v)
gníomhaíochtaí tráchta gréasáin, lena n-áirítear feidhmíocht gréasáin TFC;
(d)
bearta chun córais logála agus faisnéis logála a chosaint ar athrú calaoiseach, scriosadh agus rochtain neamhúdaraithe agus iad á stóráil, faoi bhealach agus, i gcás inarb ábhartha, in úsáid;
(e)
bearta chun teip córas logála a bhrath;
(f)
gan dochar d’aon cheanglas rialála is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, cloig gach ceann de chórais TFC an eintitis airgeadais a shioncronú de réir foinse ama tagartha iontaofa dhoiciméadaithe.
Chun críocha phointe (a), bunóidh eintitis airgeadais an tréimhse choinneála, agus na cuspóirí gnó agus slándála faisnéise, an chúis le taifeadadh an teagmhais sna logaí agus torthaí an mheasúnaithe riosca TFC á gcur san áireamh acu.
|
|
EULAW
|
Airteagal 10 1
1. Beidh sásraí i bhfeidhm ag eintitis airgeadais chun gníomhaíochtaí aimhrialta a bhrath go pras, i gcomhréir le hAirteagal 17, lena n-áirítear fadhbanna feidhmíochta gréasáin TFC agus teagmhais a bhaineann le TFC, agus chun pointí teipthe ábharacha aonair a d’fhéadfaí a bheith ann a shainaithint.
Déanfar tástáil rialta ar gach sásra braite dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagal 25.
|
|
EULAW
|
Airteagal 10 2
2. Leis na sásraí braite dá dtagraítear i mír 1, cumasófar ilsraitheanna rialaithe, saineofar tairseacha foláirimh agus critéir chun próisis freagartha do theagmhais a bhaineann le TFC a spreagadh agus a thionscnamh, lena n-áirítear sásraí foláirimh uathoibríocha do bhaill foirne ábhartha atá i gceannas ar an bhfreagairt ar theagmhais a bhaineann le TFC.
|
|
EULAW
|
Airteagal 10 3
3. Cuirfidh eintitis airgeadais dóthain acmhainní agus cumais ar fáil, chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht úsáideoirí, neamhréireachtaí TFC agus teagmhais a bhaineann le TFC, go háirithe cibirionsaithe.
|
|
EULAW
|
Airteagal 10 4
4. Ina theannta sin, beidh i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí córais lena bhféadfar tuarascálacha ar thrádáil a sheiceáil le haghaidh iomláine, easnaimh agus earráidí soiléire a shainaithint, agus athsheoladh na dtuarascálacha sin a iarraidh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 12 1.
Mar chuid de na coimircí in aghaidh ionraí agus mí-úsáid sonraí, déanfaidh eintitis airgeadais nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí logála a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme.
|
|
EULAW
|
Airteagal 23 2.
Leis an sásra chun gníomhaíochtaí aimhrialta a bhrath go pras, lena n-áirítear fadhbanna feidhmíochta gréasáin TFC agus teagmhais a bhaineann le TFC, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, cuirfear ar a gcumas d’eintitis airgeadais:
(a)
na nithe uile seo a leanas a bhailiú agus faireachán agus anailís a dhéanamh orthu:
(i)
tosca inmheánacha agus seachtracha, lena n-áirítear ar a laghad na logaí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo, faisnéis ó fheidhmeanna gnó agus TFC agus aon fhadhb arna tuairisciú ag úsáideoirí de chuid an eintitis airgeadais;
(ii)
cibearbhagairtí féideartha inmheánacha agus seachtracha, agus breithniú á dhéanamh ar chásanna a úsáideann gníomhaithe bagartha go coitianta agus ar chásanna bunaithe ar ghníomhaíocht faisnéise faoi bhagairtí;
(iii)
Fógra ó sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí an eintitis airgeadais faoi theagmhas a bhaineann le TFC arna bhrath i gcórais agus i ngréasáin TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don eintiteas airgeadais;
(b)
gníomhaíochtaí agus iompraíocht aimhrialta a shainaithint, agus uirlisí a chur chun feidhme lena ngintear foláirimh maidir le gníomhaíochtaí agus iompraíocht aimhrialta, ar a laghad i gcás sócmhainní TFC agus faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
(c)
tosaíocht a thabhairt do na foláirimh dá dtagraítear i bpointe (b) chun go mbeifear in ann na teagmhais bhraite a bhaineann le TFC a bhainistiú laistigh den aga réitigh a bhfuil coinne leis, mar a shonraíonn eintitis airgeadais, le linn uaireanta oibre agus lasmuigh díobh araon;
(d)
aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí agus na hiompraíochtaí aimhrialta uile a thaifeadadh agus anailís nó meastóireacht a dhéanamh uirthi go huathoibríoch nó de láimh.
Chun críocha phointe (b), is é a bheidh sna huirlisí dá dtagraítear sa phointe sin na huirlisí lena soláthraítear foláirimh uathoibrithe bunaithe ar rialacha réamhshainithe chun aimhrialtachtaí a dhéanann difear d’iomláine agus do shláine na bhfoinsí sonraí nó an bhailithe loga a shainaithint.
|
|
EULAW
|
Airteagal 23 3.
Déanfaidh eintitis airgeadais aon taifeadadh de na gníomhaíochtaí aimhrialta a chosaint ar athrú calaoiseach agus rochtain neamhúdaraithe agus é á stóráil, faoi bhealach agus, i gcás inarb ábhartha, in úsáid.
|
|
EULAW
|
Airteagal 23 4.
Logálfaidh eintitis airgeadais an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh gach gníomhaíochta aimhrialta braite lena mbeifear in ann:
(a)
an dáta agus an t-am a tharla an ghníomhaíocht aimhrialta a shainaithint;
(b)
an dáta agus an t-am a braitheadh an ghníomhaíocht aimhrialta a shainaithint;
(c)
cineál na gníomhaíochta aimhrialta a shainaithint.
|
|