|
+Airteagal 23 2. |
Airteagal 23 2.Leis an sásra chun gníomhaíochtaí aimhrialta a bhrath go pras, lena n-áirítear fadhbanna feidhmíochta gréasáin TFC agus teagmhais a bhaineann le TFC, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, cuirfear ar a gcumas d’eintitis airgeadais:
(a)
na nithe uile seo a leanas a bhailiú agus faireachán agus anailís a dhéanamh orthu:
(i)
tosca inmheánacha agus seachtracha, lena n-áirítear ar a laghad na logaí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo, faisnéis ó fheidhmeanna gnó agus TFC agus aon fhadhb arna tuairisciú ag úsáideoirí de chuid an eintitis airgeadais;
(ii)
cibearbhagairtí féideartha inmheánacha agus seachtracha, agus breithniú á dhéanamh ar chásanna a úsáideann gníomhaithe bagartha go coitianta agus ar chásanna bunaithe ar ghníomhaíocht faisnéise faoi bhagairtí;
(iii)
Fógra ó sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí an eintitis airgeadais faoi theagmhas a bhaineann le TFC arna bhrath i gcórais agus i ngréasáin TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don eintiteas airgeadais;
(b)
gníomhaíochtaí agus iompraíocht aimhrialta a shainaithint, agus uirlisí a chur chun feidhme lena ngintear foláirimh maidir le gníomhaíochtaí agus iompraíocht aimhrialta, ar a laghad i gcás sócmhainní TFC agus faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
(c)
tosaíocht a thabhairt do na foláirimh dá dtagraítear i bpointe (b) chun go mbeifear in ann na teagmhais bhraite a bhaineann le TFC a bhainistiú laistigh den aga réitigh a bhfuil coinne leis, mar a shonraíonn eintitis airgeadais, le linn uaireanta oibre agus lasmuigh díobh araon;
(d)
aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí agus na hiompraíochtaí aimhrialta uile a thaifeadadh agus anailís nó meastóireacht a dhéanamh uirthi go huathoibríoch nó de láimh. Chun críocha phointe (b), is é a bheidh sna huirlisí dá dtagraítear sa phointe sin na huirlisí lena soláthraítear foláirimh uathoibrithe bunaithe ar rialacha réamhshainithe chun aimhrialtachtaí a dhéanann difear d’iomláine agus do shláine na bhfoinsí sonraí nó an bhailithe loga a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|