+Authentication Methods
|
Authentication Methods
Use authentication methods commensurate with the classification and risk profile of ICT assets. Implement strong authentication methods, particularly for remote access, privileged access, and access to critical ICT assets.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 20 1.
Mar chuid dá rialú ar chearta bainistithe rochtana, déanfaidh eintitis airgeadais beartais agus nósanna imeachta um bainistiú céannachta a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme lena n-áiritheofar sainaithint uathúil agus fíordheimhniú daoine nádúrtha agus córas a fhaigheann rochtain ar fhaisnéis an eintitis airgeadais chun go mbeifear in ann cearta rochtana úsáideoirí a shannadh i gcomhréir le hAirteagal 21.
|
|
EULAW
|
Airteagal 20 2.
Sna beartais agus nósanna imeachta um bainistiú céannachta dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
gan dochar d’Airteagal 21 an chéad mhír, pointe (c), déanfar céannacht uathúil a chomhfhreagróidh do chuntas úsáideora uathúil a shannadh do gach ball foirne de chuid an eintitis airgeadais nó d’fhoireann na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a gheobhaidh rochtain ar shócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC an eintitis airgeadais;
(b)
próiseas bainistithe saolré céannachtaí agus cuntas lena ndéantar bainistíocht ar chruthú, athrú, athbhreithniú agus nuashonrú, díghníomhachtú sealadach, agus foirceannadh gach cuntais.
Chun críocha phointe (a), coimeádfaidh eintitis airgeadais taifid de na sannacháin chéannachta uile. Coimeádfar na taifid sin tar éis atheagrú ar an eintiteas airgeadais nó tar éis dheireadh an ghaoil chonarthaigh gan dochar do na ceanglais choinneála a leagtar síos i ndlí infheidhme an Aontais agus sa dlí náisiúnta. Chun críocha phointe (b), cuirfidh eintitis airgeadais, i gcás inarb indéanta agus iomchuí, réitigh uathoibrithe in úsáid le haghaidh an phróisis bainistithe saolré céannachtaí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 21 Rialú rochtana
Airteagal 21
Mar chuid dá rialú ar chearta bainistithe rochtana, déanfaidh eintitis airgeadais beartas a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme ina mbeidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
cearta rochtana ar shócmhainní TFC a shannadh bunaithe ar an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’, an prionsabal ‘ar bhonn riachtanais úsáide’ agus prionsabal an údaráis is lú, lena n-áirítear i gcás cianrochtana agus rochtain éigeandála;
(b)
dualgais a dheighilt sa chaoi go gcoiscfear rochtain neamhúdaraithe ar shonraí criticiúla nó leithdháileadh teaglamaí ceart rochtana a d’fhéadfaí a úsáid chun teacht timpeall ar rialuithe;
(c)
foráil maidir le cuntasacht úsáideora, trí úsáid cuntas cineálach agus comhroinnte a theorannú a mhéid is féidir agus trína áirithiú go mbíonn úsáideoirí in-sainaitheanta i gcónaí i leith na ngníomhaíochtaí a dhéantar sna córais TFC;
(d)
foráil maidir le srianta rochtana ar shócmhainní TFC lena leagtar amach rialuithe agus uirlisí chun rochtain neamhúdaraithe a chosc;
(e)
nósanna imeachta bainistíochta cuntais um chearta rochtana a dheonú, a athrú nó a chúlghairm do chuntais úsáideoirí agus cuntais chineálacha, lena n-áirítear forálacha maidir leis na nithe uile seo a leanas:
(i)
róil agus freagrachtaí a shannadh maidir le cearta rochtana a dheonú, a athbhreithniú agus a chúlghairm;
(ii)
rochtain phribhléidithe, éigeandála agus riarthóra a shannadh ar bhonn riachtanais úsáide nó ar bhonn ad hoc maidir leis na córais TFC uile;
(iii)
cearta rochtana a aistarraingt gan moill mhíchuí ar fhoirceannadh fostaíochta nó i gcás nach mbeidh gá leis an rochtain a thuilleadh;
(iv)
cearta rochtana a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina mbeidh gá le hathruithe agus uair amháin sa bhliain ar a laghad maidir leis na córais TFC uile, seachas córais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus gach 6 mhí ar a laghad i gcás córais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
(f)
modhanna fíordheimhniúcháin, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
úsáid a bhaint as modhanna fíordheimhniúcháin atá i gcomhréir leis an aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus le próifíl riosca fhoriomlán sócmhainní TFC agus breithniú á dhéanamh ar chleachtais atá chun tosaigh;
(ii)
úsáid a bhaint as modhanna fíordheimhniúcháin láidre i gcomhréir le cleachtais atá chun tosaigh agus teicnící maidir le cianrochtain ar ghréasán an eintitis airgeadais, rochtain phribhléidithe, rochtain ar shócmhainní TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó ar shócmhainní TFC atá inrochtana don phobal;
(g)
bearta maidir le rialuithe rochtana fisiciúla, lena n-áirítear:
(i)
sainaithint agus logáil ar dhaoine nádúrtha atá údaraithe chun rochtain a fháil ar áitreabh, lárionaid sonraí agus limistéir ainmnithe íogaire arna sainaithint ag an eintiteas airgeadais ina bhfuil sócmhainní TFC agus sócmhainní faisnéise lonnaithe;
(ii)
cearta rochtana fisiciúla ar shócmhainní TFC criticiúla a dheonú do dhaoine údaraithe amháin, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’ agus le prionsabal an údaráis is lú, agus ar bhonn ad hoc;
(iii)
faireachán ar rochtain fhisiciúil ar áitreabh, lárionaid sonraí agus limistéir ainmnithe íogaire arna sainaithint ag an eintiteas airgeadais ina bhfuil sócmhainní TFC nó sócmhainní faisnéise, nó an dá chineál, lonnaithe;
(iv)
athbhreithniú ar chearta rochtana fisiciúla chun a áirithiú go ndéanfar cearta rochtana neamhriachtanacha a chúlghairm go pras.
Chun críocha phointe (e)(i), bunóidh eintitis airgeadais an tréimhse choinneála, á gcur san áireamh na cuspóirí gnó agus slándála faisnéise, na cúiseanna le taifeadadh an teagmhais sna logaí agus torthaí an mheasúnaithe riosca TFC.
Chun críocha phointe (e)(ii), úsáidfidh eintitis airgeadais, i gcás inar féidir, cuntais thiomnaithe chun cúraimí riaracháin a dhéanamh ar chórais TFC. I gcás inarb indéanta agus iomchuí, cuirfidh eintitis airgeadais réitigh uathoibrithe in úsáid le haghaidh an bhainistithe rochtana pribhléidithe.
Chun críocha phointe (g)(i), beidh an tsainaithint agus an logáil i gcomhréir le tábhacht an áitribh, na lárionad sonraí agus na limistéar ainmnithe íogair agus le criticiúlacht na n-oibríochtaí nó na gcóras TFC atá lonnaithe iontu.
Chun críocha phointe (g)(iii), beidh an faireachán i gcomhréir leis an aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus le criticiúlacht an limistéir ar a bhfaightear rochtain.
|
|