+Error Handling and Recovery

Error Handling and Recovery

Establish guidelines for handling errors, including support and escalation contacts, as well as external support contacts in case of unexpected operational or technical issues. Define the procedures for ICT system restart, rollback, and recovery to be used in the event of an ICT system disruption. Ensure the contact details are available in case systems are unavailable as well.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 8 1.
Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais beartais agus nósanna imeachta um bainistiú oibríochtaí TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme. Sonrófar leis na beartais agus na nósanna imeachta sin conas a dhéanann eintitis airgeadais a sócmhainní TFC a oibriú, a rialú agus a thabhairt ar ais, agus conas a dhéanann siad faireachán orthu, lena n-áirítear oibríochtaí TRC a dhoiciméadú.
EULAW Airteagal 8 2.

Sna beartais agus nósanna imeachta um oibríochtaí TFC dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:

(a) 

tuairisc ar shócmhainní TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(i) 

ceanglais maidir le córas TFC a shuiteáil, a chothabháil, a chumrú agus a dhíshuiteáil go slán;

(ii) 

ceanglais maidir le bainistiú sócmhainní faisnéise a úsáideann sócmhainní TFC, lena n-áirítear a bpróiseáil agus a láimhseáil, go huathoibrithe agus de láimh ar aon;

(iii) 

ceanglais maidir le córais TFC leagáide a shainaithint agus a rialú;

(b) 

rialuithe agus faireachán ar chórais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(i) 

ceanglais maidir le córais TFC a chúltacú agus a thabhairt ar ais;

(ii) 

ceanglais maidir le sceidealú, agus idirspleáchais i measc na gcóras TFC á gcur san áireamh;

(iii) 

prótacail maidir le faisnéis riain iniúchta agus loga córais;

(iv) 

ceanglais chun a áirithiú go n-íoslaghdófar suaití ar oibríochtaí gnó le feidhmíocht iniúchóireachta inmheánaí agus tástála eile;

(v) 

ceanglais maidir le timpeallachtaí táirgthe TFC a dheighilt ó na timpeallachtaí forbartha, tástála agus neamhtháirgthe eile;

(vi) 

ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí atá scartha ón timpeallacht táirgthe;

(vii) 

ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí táirgthe;

(c) 

láimhseáil earráidí a bhaineann le córais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(i) 

nósanna imeachta agus prótacail maidir le hearráidí a láimhseáil;

(ii) 

teagmhálaithe tacaíochta agus géaraithe, lena n-áirítear teagmhálaithe tacaíochta seachtraí i gcás ina dtarlóidh fadhbanna oibríochtúla nó teicniúla gan choinne;

(iii) 

nósanna imeachta um chóras TFC a atosú, a thiontú ar ais agus a athshlánú a úsáidfear i gcás ina dtiocfaidh suaitheadh ar chóras TFC.

Chun críocha phointe (b)(v), breithneofar comhpháirteanna uile na timpeallachta sa deighilt, lena n-áirítear cuntais, sonraí nó naisc, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 an chéad fhomhír, pointe (a).

Chun críocha phointe (b)(vii), forálfar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 go sainaithneofar go soiléir na cásanna ina ndéantar tástáil i dtimpeallacht táirgthe, go mbeidh na cásanna sin réasúnaithe agus nach mairfidh siad ach ar feadh tréimhsí teoranta ama, agus go bhformheasfaidh an fheidhm ábhartha iad i gcomhréir le hAirteagal 16(6). Áiritheoidh eintitis airgeadais infhaighteacht, rúndacht, sláine agus barántúlacht córas TFC agus sonraí táirgthe le linn gníomhaíochtaí forbartha agus tástála sa timpeallacht táirgthe.

EULAW Airteagal 9 1.

Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais nósanna imeachta um bainistíocht acmhainneachta agus feidhmíochta a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

ceanglais acmhainneachta a gcórais TFC a shainaithint;

(b) 

barrfheabhsú acmhainní a chur i bhfeidhm;

(c) 

nósanna imeachta faireacháin chun na nithe seo a leanas a choinneáil ar bun agus feabhas a chur orthu:

(i) 

infhaighteacht sonraí agus córas TFC;

(ii) 

éifeachtúlacht córas TFC;

(iii) 

cosc ganntanas acmhainneachta TFC.

EULAW Airteagal 9 2.
Leis na nósanna imeachta um bainistíocht acmhainneachta agus feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar go ndéanfaidh eintitis airgeadais bearta a bheidh iomchuí chun freastal ar shainiúlachtaí córas TFC a bhfuil próisis soláthair nó formheasa fhada nó chasta acu nó ar shainiúlachtaí córas TFC atá dian ar acmhainní.
EULAW Airteagal 12 2.

Sna nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí logála dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:

(a) 

sainaithneofar na teagmhais atá le logáil, tréimhse choinneála na logaí agus na bearta chun na sonraí loga a dhaingniú agus a láimhseáil, agus breithniú á dhéanamh ar an gcríoch ar chuici a cruthaíodh na logaí;

(b) 

déanfar leibhéal mionsonraí na logaí a ailíniú lena gcríoch agus lena n-úsáid chun go mbeifear in ann gníomhaíochtaí aimhrialta dá dtagraítear in Airteagal 24 a bhrath go héifeachtach;

(c) 

an ceanglas go logálfar teagmhais a bhaineann le gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

rialú rochtana loighciúla agus fisicí, dá dtagraítear in Airteagal 21, agus bainistiú céannachta;

(ii) 

an toilleadh a bhainistiú;

(iii) 

athruithe a bhainistiú;

(iv) 

oibríochtaí TFC, lena n-áirítear gníomhaíochtaí córais TFC;

(v) 

gníomhaíochtaí tráchta gréasáin, lena n-áirítear feidhmíocht gréasáin TFC;

(d) 

bearta chun córais logála agus faisnéis logála a chosaint ar athrú calaoiseach, scriosadh agus rochtain neamhúdaraithe agus iad á stóráil, faoi bhealach agus, i gcás inarb ábhartha, in úsáid;

(e) 

bearta chun teip córas logála a bhrath;

(f) 

gan dochar d’aon cheanglas rialála is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, cloig gach ceann de chórais TFC an eintitis airgeadais a shioncronú de réir foinse ama tagartha iontaofa dhoiciméadaithe.

Chun críocha phointe (a), bunóidh eintitis airgeadais an tréimhse choinneála, agus na cuspóirí gnó agus slándála faisnéise, an chúis le taifeadadh an teagmhais sna logaí agus torthaí an mheasúnaithe riosca TFC á gcur san áireamh acu.