|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Sna beartais agus nósanna imeachta um oibríochtaí TFC dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
tuairisc ar shócmhainní TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
ceanglais maidir le córas TFC a shuiteáil, a chothabháil, a chumrú agus a dhíshuiteáil go slán;
(ii)
ceanglais maidir le bainistiú sócmhainní faisnéise a úsáideann sócmhainní TFC, lena n-áirítear a bpróiseáil agus a láimhseáil, go huathoibrithe agus de láimh ar aon;
(iii)
ceanglais maidir le córais TFC leagáide a shainaithint agus a rialú;
(b)
rialuithe agus faireachán ar chórais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
ceanglais maidir le córais TFC a chúltacú agus a thabhairt ar ais;
(ii)
ceanglais maidir le sceidealú, agus idirspleáchais i measc na gcóras TFC á gcur san áireamh;
(iii)
prótacail maidir le faisnéis riain iniúchta agus loga córais;
(iv)
ceanglais chun a áirithiú go n-íoslaghdófar suaití ar oibríochtaí gnó le feidhmíocht iniúchóireachta inmheánaí agus tástála eile;
(v)
ceanglais maidir le timpeallachtaí táirgthe TFC a dheighilt ó na timpeallachtaí forbartha, tástála agus neamhtháirgthe eile;
(vi)
ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí atá scartha ón timpeallacht táirgthe;
(vii)
ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí táirgthe;
(c)
láimhseáil earráidí a bhaineann le córais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta agus prótacail maidir le hearráidí a láimhseáil;
(ii)
teagmhálaithe tacaíochta agus géaraithe, lena n-áirítear teagmhálaithe tacaíochta seachtraí i gcás ina dtarlóidh fadhbanna oibríochtúla nó teicniúla gan choinne;
(iii)
nósanna imeachta um chóras TFC a atosú, a thiontú ar ais agus a athshlánú a úsáidfear i gcás ina dtiocfaidh suaitheadh ar chóras TFC. Chun críocha phointe (b)(v), breithneofar comhpháirteanna uile na timpeallachta sa deighilt, lena n-áirítear cuntais, sonraí nó naisc, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 an chéad fhomhír, pointe (a). Chun críocha phointe (b)(vii), forálfar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 go sainaithneofar go soiléir na cásanna ina ndéantar tástáil i dtimpeallacht táirgthe, go mbeidh na cásanna sin réasúnaithe agus nach mairfidh siad ach ar feadh tréimhsí teoranta ama, agus go bhformheasfaidh an fheidhm ábhartha iad i gcomhréir le hAirteagal 16(6). Áiritheoidh eintitis airgeadais infhaighteacht, rúndacht, sláine agus barántúlacht córas TFC agus sonraí táirgthe le linn gníomhaíochtaí forbartha agus tástála sa timpeallacht táirgthe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|