+Incident Management Process

Incident Management Process

Implement an incident management process to detect, manage, and report ICT incidents. This includes incident response procedures to mitigate impacts and ensure timely restoration of services. Assign specific roles and responsibilities for various incident scenarios. Also, establish a list of contacts with internal functions and external stakeholders that are directly involved in ICT operations security, including on detection and monitoring cyber threats, detection of anomalous activities and vulnerability management. Establish early warning indicators for potential incidents and incident triggers upon the occurance of malicious activity, data losses, adverse impact detected on financial entity's transactions and operations, systems and network unavailability, problems reported by users of the financial entity, and incident notifications from an third-party service provider detected in the systems and networks of the third-party service provider and which may affect the financial entity. Identify, document, and address incident root causes. Conduct post-ICT-related incident reviews after major disruptions. Analyze causes, evaluate response promptness and quality, and assess incident escalation and communication effectiveness.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 13 2

2.   Cuirfidh eintitis airgeadais athbhreithnithe iartheagmhais a bhaineann le TFC i bhfeidhm tar éis do mhórtheagmhas a bhaineann le TFC cur isteach ar a gcroíghníomhaíochtaí, lena n-anailíseofar cúiseanna an bhriste agus lena sainaithneofar feabhsuithe riachtanacha ar na hoibríochtaí TFC nó laistigh den bheartas leanúnachais gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11.

Cuirfidh na heintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, arna iarraidh sin, na hathruithe a cuireadh chun feidhme tar éis na n-athbhreithnithe a rinneadh ar theagmhais a bhaineann le TFC dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl do na húdaráis inniúla.

Cinnfear leis na hathbhreithnithe iartheagmhais a bhaineann le TFC dá dtagraítear sa chéad fhomhír cibé acu ar leanadh nó nár leanadh na nósanna imeachta atá bunaithe agus arbh éifeachtach na gníomhaíochtaí a rinneadh lena n-áirítear i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

an tapúlacht maidir leis an bhfreagairt ar fholáirimh shlándála agus maidir le tionchar teagmhas a bhaineann le TFC agus a ndéine a chinneadh;

(b)

an cháilíocht agus an luas lena ndéantar anailís fhóiréinseach, i gcás ina measfar í a bheith iomchuí;

(c)

éifeachtacht an phróisis ghéaraithe maidir leis an teagmhas laistigh den eintiteas airgeadais;

(d)

éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus seachtraí.

EULAW Airteagal 14 3

3.   Cuirfear de chúram ar dhuine amháin ar a laghad san eintiteas airgeadais an straitéis cumarsáide le haghaidh teagmhas a bhaineann le TFC a chur chun feidhme agus comhlíonfaidh an duine sin an fheidhm phoiblí agus an fheidhm a bhaineann leis na meáin chun na críche sin.

EULAW Airteagal 17 1

1.   Déanfaidh eintitis airgeadais próiseas bainistíochta teagmhas a bhaineann le TFC a shainiú, a bhunú agus a chur chun feidhme chun teagmhais a bhaineann le TFC a bhrath, a bhainistiú agus fógra a thabhairt ina leith.

EULAW Airteagal 17 2

2.   Déanfaidh eintitis airgeadais taifead ar gach teagmhas a bhaineann le TFC agus ar chibearbhagairtí suntasacha. Bunóidh eintitis airgeadais nósanna imeachta agus próisis iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar faireachán comhsheasmhach comhtháite, láimhseáil chomhsheasmhach chomhtháite agus bearta leantacha comhsheasmhacha comhtháite maidir le teagmhais a bhaineann le TFC, chun a áirithiú go sainaithneofar na bunchúiseanna, go ndéanfar iad a dhoiciméadú agus go dtabharfar aghaidh orthu, chun cosc a chur ar theagmhais den sórt sin.

EULAW Airteagal 17 3

3.   Maidir leis an bpróiseas bainistíochta teagmhas a bhaineann le TFC dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

táscairí luathrabhaidh a chur i bhfeidhm;

(b)

nósanna imeachta a bhunú chun teagmhais a bhaineann le TFC a shainaithint, a rianú, a logáil, a chatagóiriú agus a aicmiú de réir a dtosaíochta agus a ndéine agus de réir chriticiúlacht na seirbhísí ar imríodh tionchar orthu, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 18(1);

(c)

róil agus freagrachtaí a shannadh is gá a ghníomhachtú le haghaidh cineálacha difriúla teagmhas a bhaineann le TFC agus cásanna insamhlaithe difriúla teagmhas a bhaineann le TFC;

(d)

pleananna a leagan amach chun nósanna imeachta inmheánacha méadúcháin, lena n-áirítear gearáin ó chustaiméirí a bhaineann le TFC, a chur in iúl don fhoireann, do gheallsealbhóirí seachtracha agus do na meáin chumarsáide i gcomhréir le hAirteagal 14, agus chun fógra a thabhairt do chliaint ina dtaobh, chomh maith le pleananna chun faisnéis a sholáthar d’eintitis airgeadais a ghníomhaíonn mar chontrapháirtithe, de réir mar is iomchuí;

(e)

a áirithiú go dtuairisceofar ar a laghad mórtheagmhais a bhaineann le TFC do bhaill ábhartha den ardbhainistíocht agus go gcuirfear an comhlacht bainistíochta ar an eolas faoi mhórtheagmhais a bhaineann le TFC ar a laghad, ag míniú an tionchair, na freagartha agus na rialuithe breise a bheidh le bunú de thoradh an teagmhais sin a bhaineann le TFC;

(f)

nósanna imeachta freagartha ar theagmhais a bhaineann le TFC a bhunú chun tionchair a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh na seirbhísí oibríochtúil agus slán go tráthúil.

EULAW Airteagal 19 1

1.   Tuairisceoidh eintitis airgeadais mórtheagmhais a bhaineann le TFC don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 46 i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

I gcás ina mbeidh eintiteas airgeadais faoi réir maoirseachta ag níos mó ná údarás inniúil náisiúnta amháin dá dtagraítear in Airteagal 46, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil aonair mar an t-údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur i gcrích.

Déanfaidh institiúidí creidmheasa a aicmítear mar institiúidí suntasacha, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, a tharchuirfidh an tuarascáil sin láithreach chuig BCE.

Chun críche na chéad fhomhíre, tabharfaidh eintitis airgeadais, tar éis dóibh an fhaisnéis ábhartha uile a bhailiú agus a anailísiú, an fógra tosaigh agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ar aird trí úsáid a bhaint as na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 20 agus cuirfidh siad iad faoi bhráid an údaráis inniúil. I gcás nach mbeidh sé indéanta go teicniúil an fógra tosaigh a chur isteach trí úsáid a bhaint as an teimpléad, tabharfaidh eintitis airgeadais fógra ina leith don údarás inniúil trí mhodhanna malartacha.

Beidh san fhógra tosaigh agus sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 an fhaisnéis uile is gá don údarás inniúil chun a shuntasaí agus atá an mórtheagmhas a bhaineann le TFC a chinneadh agus chun tionchair fhéideartha thrasteorann a mheasúnú.

Gan dochar don tuairisciú de bhun na chéad fhomhíre arna dhéanamh ag an eintiteas airgeadais don údarás inniúil ábhartha, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ina theannta sin, go dtabharfaidh roinnt eintiteas airgeadais, nó iad ar fad, an fógra tosaigh agus gach tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí úsáid a bhaint as na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 20 do na húdaráis inniúla nó do na foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna) arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 .

EULAW Airteagal 19 2

2.   Féadfaidh eintitis airgeadais, ar bhonn deonach, cibearbhagairtí suntasacha a chur in iúl don údarás inniúil ábhartha i gcás ina measann siad go bhfuil an bhagairt ábhartha don chóras airgeadais, d’úsáideoirí seirbhíse nó do chliaint. Féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an fhaisnéis sin a sholáthar d’údaráis ábhartha eile i gcomhréir le mír 6.

Féadfaidh institiúidí creidmheasa a aicmítear mar institiúidí suntasacha, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ar bhonn deonach, fógra a thabhairt faoi chibearbhagairtí suntasacha don údarás inniúil náisiúnta ábhartha, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, a tharchuirfidh an fógra sin láithreach chuig BCE.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh na heintitis airgeadais sin a thugann fógra ar bhonn deonach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír an fógra sin a tharchur freisin chuig CSIRTanna arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555.

EULAW Airteagal 19 3

3.   I gcás ina dtarlóidh mórtheagmhas a bhaineann le TFC agus ina mbeidh tionchar aige ar leasanna airgeadais cliant, cuirfidh eintitis airgeadais, gan moill mhíchuí, a luaithe a bheidh siad feasach air, a gcuid cliant ar an eolas faoin mórtheagmhas a bhaineann le TFC agus faoi na bearta a rinneadh chun na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis an teagmhas sin a mhaolú.

I gcás cibearbhagairt shuntasach, cuirfidh eintitis airgeadais, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh ar an eolas faoi aon bhearta cosanta iomchuí a d’fhéadfadh na heintitis sin a bhreithniú agus a dhéanamh.

EULAW Airteagal 19 4

4.   Cuirfidh eintitis airgeadais, laistigh de na teorainneacha ama atá le leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 20, an chéad mhír, pointe (a), pointe (ii), an méid seo a leanas faoi bhráid an údaráis inniúil ábhartha:

(a)

fógra tosaigh;

(b)

tuarascáil idirmheánach tar éis an fhógra tosaigh dá dtagraítear i bpointe (a), a luaithe a bheidh athrú suntasach tagtha ar stádas an teagmhais bhunaidh nó a luaithe a athrófar láimhseáil an mhórtheagmhais a bhaineann le TFC bunaithe ar fhaisnéis nua atá ar fáil, agus fógraí nuashonraithe ina dhiaidh sin, de réir mar is iomchuí, gach uair a bheidh nuashonrú ábhartha ar stádas ar fáil, agus ar iarraidh shonrach ón údarás inniúil;

(c)

tuarascáil deiridh, nuair a bheidh an anailís ar an mbunchúis curtha i gcrích, gan beann ar cibé acu ar cuireadh bearta maolaithe chun feidhme cheana féin, agus nuair a bheidh na figiúir iarbhír faoin tionchar ar fáil chun dul in ionad meastachán.

EULAW Airteagal 19 5

5.   Féadfaidh eintitis airgeadais na hoibleagáidí tuairiscithe faoin Airteagal seo a sheachfhoinsiú, i gcomhréir le dlí earnálach an Aontais agus náisiúnta, chuig soláthraí seirbhíse tríú páirtí. I gcás seachfhoinsithe den sórt sin, leanfaidh an t-eintiteas airgeadais de bheith freagrach go hiomlán as na ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas a chomhlíonadh.