+Protection Measures

Protection Measures

Implement policies and procedures to protect all information, ICT assets, and relevant physical ICT components and infrastructures. At least the following policies shall be established and maintained.

  • Security policy
  • Human resources policy
  • Encryption and cryptographic control policy
  • Identity and access management (IAM) policy
  • Change management policy
  • Network security policy
  • ICT operating policies and procedures
  • (Crisis) Communication policy
  • Vulnerability and patch management policy
  • Back up policy
  • Project management policy
  • Physical and environmental security policy
  • Business continuity policy with response and recovery plans (including testing plans), see control1.4 *
  • ICT third-party service providers management policy, see control 1.1. *
  • Operations of ICT assets (ensuring network security, protect against intrusions and data misuse and defining how the entity operates, monitors, controls, and restores ICT assets, including the documentation of ICT operations).

* must be approved by the Management body

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 6 1

1.   Beidh creat bainistíochta riosca TFC atá fónta, cuimsitheach agus dea-dhoiciméadaithe ag eintitis airgeadais mar chuid dá gcóras foriomlán bainistíochta riosca, rud a chuireann ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar riosca TFC go tapa, go héifeachtach agus go cuimsitheach agus ardleibhéal athléimneachta digití oibríochtúla a áirithiú.

EULAW Airteagal 6 2

2.   Áireofar ar chreat bainistíochta riosca TFC ar a laghad straitéisí, beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí TFC atá riachtanach chun an chosaint chuí leordhóthanach a thabhairt do na sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC uile, lena n-áirítear bogearraí, crua-earraí agus freastalaithe ríomhairí, agus chun cosaint a thabhairt do na comhpháirteanna agus na bonneagair ábhartha fhisiciúla uile, amhail áitribh, lárionaid sonraí agus limistéir ainmnithe íogaire, chun a áirithiú go mbeidh cosaint leordhóthanach ag na sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC go léir ar rioscaí lena n-áirítear damáiste agus rochtain nó úsáid neamhúdaraithe.

EULAW Airteagal 6 3

3.   I gcomhréir lena gcreat bainistíochta riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais tionchar riosca TFC a íoslaghdú trí leas a bhaint as straitéisí, beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí TFC iomchuí. Soláthróidh siad faisnéis iomlán atá cothrom le dáta maidir le riosca TFC agus maidir lena gcreat bainistíochta riosca TFC do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

EULAW Airteagal 6 4

4.   Déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, an fhreagracht as bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar riosca TFC a shannadh d’fheidhm rialaithe agus áiritheoidh siad leibhéal iomchuí neamhspleáchas na feidhme rialaithe sin chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Áiritheoidh eintitis airgeadais leithscaradh agus neamhspleáchas iomchuí fheidhmeanna bainistíochta riosca TFC, feidhmeanna rialála, agus feidhmeanna iniúchta inmheánaigh, de réir na samhla ‘trí phríomhchosaint’, nó de réir samhail inmheánach bainistíochta riosca agus rialála.

EULAW Airteagal 6 5

5.   Déanfar creat bainistíochta riosca TFC a dhoiciméadú agus a athbhreithniú aon uair amháin sa bhliain ar a laghad, nó go tréimhsiúil i gcás micrifhiontar agus i gcás aon mhórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus tar éis treoracha maoirseachta nó conclúidí a thagann as tástáil ábhartha maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil nó próisis iniúchóireachta ábhartha. Cuirfear feabhas leanúnach ar an gcreat ar bhonn na gceachtanna a eascraíonn as cur chun feidhme agus faireachán. Cuirfear tuarascáil ar an athbhreithniú ar chreat bainistíochta riosca TFC faoi bhráid an údaráis inniúil arna iarraidh sin dó.

EULAW Airteagal 6 7

7.   Bunaithe ar na conclúidí ón athbhreithniú inmheánach ar an iniúchadh, bunóidh na heintiteas airgeadais próiseas foirmiúil leantach, lena n-áirítear rialacha maidir le fíorú agus réiteach tráthúil torthaí criticiúla ó iniúchadh TFC.

EULAW Airteagal 6 9

9.   Féadfaidh na heintitis airgeadais, i gcomhthéacs na straitéise athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear i mír 8, straitéis iomlánaíoch ildíoltóirí TFC a shainiú, ar leibhéal grúpa nó leibhéal eintiteas, ina léirítear na príomhspleáchais ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus ina mínítear an réasúnaíocht ba bhun leis an meascán soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí ó thaobh soláthair de.

EULAW Airteagal 6 10

10.   Féadfaidh eintitis airgeadais, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí earnála náisiúnta, na tascanna maidir le fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht na gceanglas bainistíochta riosca TFC a sheachfhoinsiú chuig gnóthais inghrúpa nó sheachtracha. I gcás seachfhoinsithe den sórt sin, leanfaidh an t-eintiteas airgeadais de bheith freagrach go hiomlán as comhlíonadh na gceanglas maidir le bainistíocht riosca TFC a fhíorú.

EULAW Airteagal 8 1

1.   Mar chuid den chreat bainistíochta rioscaí TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfaidh eintitis airgeadais gach feidhm thacaithe ghnó TFC, róil agus freagrachtaí, na sócmhainní faisnéise agus na sócmhainní TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna sin, agus a róil agus a spleáchais maidir le riosca TFC a shainaithint, a aicmiú agus a dhoiciméadú go leordhóthanach. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú de réir mar is gá, agus uair sa bhliain ar a laghad, ar leordhóthanacht an aicmiúcháin sin chomh maith le haon doiciméadacht ábhartha.

EULAW Airteagal 9 1

1.   Chun cosaint leordhóthanach a thabhairt do chórais TFC agus d’fhonn bearta freagartha a eagrú, déanfaidh eintitis airgeadais faireachán agus rialú leanúnach ar shlándáil agus feidhmiú córas agus uirlisí TFC agus íoslaghdóidh siad tionchar riosca TFC i dtaca le córais TFC trí leas a bhaint as uirlisí, beartais agus nósanna imeachta slándála TFC iomchuí.

EULAW Airteagal 9 4

4.   Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfaidh eintitis airgeadais na nithe seo a leanas:

(a)

beartas slándála faisnéise a fhorbairt agus a dhoiciméadú lena sainítear rialacha chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí, sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC, lena n-áirítear cinn a gcustaiméirí, a chosaint, i gcás inarb infheidhme;

(b)

i gcomhréir le cur chuige bunaithe ar riosca, struchtúr bainistíochta fónta gréasáin agus bonneagair a bhunú trí úsáid a bhaint as teicnící, modhanna agus prótacail iomchuí ar a bhféadfar a áireamh sásraí uathoibrithe a chur chun feidhme chun sócmhainní faisnéise, a ndearnadh difear dóibh, a scaradh amach i gcás cibirionsaithe;

(c)

beartais a chur i bhfeidhm lena ndéantar an rochtain fhisiciúil nó loighciúil ar shócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC a theorannú dá bhfuil riachtanach le haghaidh feidhmeanna agus gníomhaíochtaí dlisteanacha formheasta amháin, agus sraith beartas, nósanna imeachta agus rialuithe a bhunú chuige sin lena dtugtar aghaidh ar chearta rochtana agus lena n-áirithítear riarachán fónta orthu sin;

(d)

beartais agus prótacail le haghaidh sásraí láidre fíordheimhnithe a chur chun feidhme, bunaithe ar chaighdeáin ábhartha agus ar chórais thiomnaithe rialuithe, agus bearta cosanta i ndáil le heochracha cripteagrafacha trína ndéantar sonraí a chriptiú bunaithe ar thorthaí próiseas formheasta aicmithe sonraí agus measúnaithe riosca TFC;

(e)

beartais, nósanna imeachta agus rialuithe doiciméadaithe a chur chun feidhme le haghaidh bainistíocht athruithe TFC, lena n-áirítear athruithe ar bhogearraí, crua-earraí, comhpháirteanna dochtearraí, paraiméadair ar chórais nó paraiméadair slándála, atá bunaithe ar chur chuige measúnaithe riosca agus mar chuid dhílis de phróiseas foriomlán bainistíochta athruithe an eintitis airgeadais, chun a áirithiú go ndéanfar gach athrú ar chórais TFC a thaifeadadh, a thástáil, a mheasúnú, a fhormheas, a chur chun feidhme agus a fhíorú ar bhealach rialaithe;

(f)

beartais iomchuí chuimsitheacha dhoiciméadaithe a bheith acu maidir le paistí agus nuashonruithe.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ceapfaidh eintitis airgeadais an bonneagar nasctha gréasáin ar bhealach lenar féidir é a ghearradh ar an toirt nó a dheighilt chun tógálacht a íoslaghdú agus a chosc, go háirithe i gcás próisis airgeadais idirnasctha.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), déanfar próiseas bainistíochta athruithe TFC a fhormheas ag línte bainistíochta iomchuí agus beidh prótacail shonracha i bhfeidhm aige.

EULAW Airteagal 11 1

1.   Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus bunaithe ar na ceanglais sainaitheantais a leagtar amach in Airteagal 8, cuirfidh eintitis airgeadais beartas cuimsitheach leanúnachais gnó TFC i bhfeidhm, a d’fhéadfaí a ghlacadh mar bheartas tiomnaithe sonrach mar chuid lárnach de bheartas foriomlán leanúnachais gnó é.

EULAW Airteagal 11 3

3.   Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), cuirfidh eintitis airgeadais pleananna TFC freagartha agus athshlánaithe gaolmhara chun feidhme a chuirfear, i gcás eintitis airgeadais nach micrifhiontair iad, faoi réir athbhreithnithe iniúchta inmheánaigh neamhspleách.

EULAW Airteagal 11 6

6.   Mar chuid dá mbainistíocht chuimsitheach riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais na nithe seo a leanas:

(a)

pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC a thástáil i ndáil le córais TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna uile ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus i gcás aon mhórathruithe ar chórais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;

(b)

tástáil ar na pleananna cumarsáide géarchéime a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 14.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), áireoidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, sna pleananna tástála faoi chásanna cibirionsaithe agus lascaistrithe idir príomhbhonneagar TFC agus an acmhainneacht iomarcach, cúltacaí agus saoráidí iomarcacha is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 12 a chomhlíonadh.

Athbhreithneoidh eintitis airgeadais a mbeartas leanúnachais gnó TFC agus a bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC go tráthrialta agus torthaí na dtástálacha, arna ndéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus le moltaí a eascraíonn as seiceálacha iniúchta nó athbhreithnithe maoirseachta, á gcur san áireamh.

EULAW Airteagal 12 1

1.   Chun a áirithiú go n-athbhunófar córais agus sonraí TFC agus aga neamhfhónaimh íosta, briseadh agus caillteanas teoranta i gceist leo, mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais an méid seo a leanas a fhorbairt agus a dhoiciméadú:

(a)

beartais agus nósanna imeachta cúltaca lena sonrófar raon feidhme na sonraí is ábhar don chúltaca agus íosmhinicíocht an chúltaca, bunaithe ar chriticiúlacht na faisnéise nó leibhéal rúndachta na sonraí;

(b)

nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe.

EULAW Airteagal 12 2

2.   Bunóidh eintitis airgeadais córais chúltaca is féidir a ghníomhachtú i gcomhréir leis na beartais agus na nósanna imeachta cúltaca, chomh maith le nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe. Ní chuirfear slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise nó infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí i gcontúirt le gníomhachtú na gcóras cúltaca. Déanfar na nósanna imeachta cúltaca agus na nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe a thástáil go tréimhsiúil.

EULAW Airteagal 12 3

3.   Nuair a bheidh sonraí cúltaca á n-athbhunú agus úsáid á baint as a gcórais féin, úsáidfidh eintitis airgeadais córais TFC a bheidh scartha go fisiciúil agus go loighciúil ó fhoinse chóras TFC. Déanfar córais TFC a chosaint go sábháilte ar aon rochtain neamhúdaraithe nó ar aon éilliú TFC agus beifear in ann na seirbhísí a bhaineann úsáid as cúltacaí córais agus sonraí a athbhunú go tráthúil mar is gá.

I gcás contrapháirtithe lárnacha, leis na pleananna athshlánaithe, déanfar na hidirbhearta ar fad a chumasaú tráth an bhriste a athshlánú ionas go mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann leanúint de bheith ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta.

Ina theannta sin, coimeádfaidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí acmhainní leordhóthanacha ar bun agus beidh saoráidí cúltaca agus athbhunaithe acu chun a seirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí.

EULAW Airteagal 13 3

3.   Áireofar ceachtanna, a eascróidh as an tástáil athléimneachta digití oibríochtúla a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagail 26 agus 27 agus as fíortheagmhais a bhaineann le TFC, go háirithe cibirionsaithe, mar aon le dúshláin a bhíonn le sárú agus pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC á ngníomhachtú, in éineacht le faisnéis ábhartha arna malartú le contrapháirtithe agus arna measúnú le linn athbhreithnithe maoirseachta, ar bhonn leanúnach go cuí sa phróiseas measúnaithe riosca TFC. Déanfar athbhreithniú iomchuí ar chomhchodanna ábhartha den chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) bunaithe ar na torthaí sin.

EULAW Airteagal 13 5

5.   Tuairisceoidh baill shinsearacha de fhoireann TFC uair sa bhliain ar a laghad don chomhlacht bainistíochta maidir leis na torthaí dá dtagraítear i mír 3 agus cuirfidh siad moltaí ar aghaidh.

EULAW Airteagal 13 7

7.   Déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, faireachán ar fhorbairtí teicneolaíochta ábhartha ar bhonn leanúnach, d’fhonn tuiscint a fháil freisin ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith i gceist le húsáid na dteicneolaíochtaí nua sin ar cheanglais slándála TFC agus ar an athléimneacht dhigiteach oibríochtúil. Coimeádfaidh siad iad féin cothrom le dáta faoi phróisis bhainistíochta riosca TFC is déanaí, chun cineálacha nua cibirionsaithe nó cineálacha reatha cibirionsaithe a chomhrac ar bhealach éifeachtach.

EULAW Airteagal 14 2

2.   Mar chuid de chreat bainistíochta rioscaí TFC, cuirfidh eintitis airgeadais beartais chumarsáide chun feidhme don fhoireann inmheánach agus do gheallsealbhóirí seachtracha. Cuirfear san áireamh le beartais chumarsáide don fhoireann an gá le hidirdhealú a dhéanamh idir baill foirne a a ghlacann páirt i mbainistíocht rioscaí TFC, go háirithe an fhoireann atá freagrach as freagairt agus athshlánú, agus na baill foirne is gá a chur ar an eolas.

EULAW Airteagal 24 1

1.   Chun ullmhacht le haghaidh láimhseáil teagmhas a bhaineann le TFC a mheasúnú, chun laigí, easnaimh agus bearnaí san athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a shainaithint, agus chun bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme go pras, déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh acu, clár fónta cuimsitheach tástála athléimneachta digití oibríochtúla a bhunú, a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú mar chuid bhunúsach de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6.

EULAW Airteagal 28 2

2.   Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, glacfaidh eintitis airgeadais, nach eintitis dá dtagraítear in Airteagal 16(1), an chéad fhomhír, agus nach micrifhiontair iad, straitéis maidir le riosca TFC tríú páirtí, agus déanfaidh siad athbhreithniú rialta uirthi, agus an straitéis ildíoltóra dá dtagraítear in Airteagal 6(9) á cur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Áireofar sa straitéis sin beartas um úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus beidh feidhm ag an straitéis ar bhonn aonair agus, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta, ar bhonn measúnú ar phróifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais agus scála agus castacht na seirbhísí gnó, athbhreithniú rialta ar na rioscaí arna sainaithint i ndáil le socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

EULAW Airteagal 28 3

3.   Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, coinneoidh eintitis airgeadais, ar leibhéal eintitis, agus ar leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite, clár faisnéise ar bun i ndáil le gach socrú conarthach maidir le húsáid seirbhísí TFC a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus tabharfaidh siad an clár sin cothrom le dáta freisin.

Déanfar na socruithe conarthacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhoiciméadú go cuí, agus idirdhealú á dhéanamh idir na socruithe sin lena gcumhdaítear seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus na socruithe nach gcumhdaítear na feidhmeanna sin leo.

Tabharfaidh eintitis airgeadais, uair sa bhliain ar a laghad, tuairisc do na húdaráis inniúla faoin líon socruithe nua maidir le húsáid seirbhísí TFC, faoi na catagóirí soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, faoin gcineál socruithe conarthacha agus faoi na seirbhísí agus na feidhmeanna TFC atá á soláthar.

Cuirfidh eintitis airgeadais ar fáil don údarás inniúil, arna iarraidh sin, an clár faisnéise iomlán nó de réir mar a iarrtar, ranna sonraithe de, mar aon le haon fhaisnéis a mheastar gur gá í chun maoirseacht éifeachtach ar an eintiteas airgeadais a chumasú.

Cuirfidh eintitis airgeadais an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon socrú conarthach pleanáilte maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha go tráthúil agus nuair a bheidh feidhm tagtha chun bheith ina feidhm chriticiúil nó thábhachtach freisin.