|
+Airteagal 2 4. |
Airteagal 2 4.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cripteashócmhainní a cháilíonn mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
ionstraimí airgeadais;
(b)
taiscí, lena n-áirítear taiscí struchtúrtha;
(c)
cistí, ach amháin má cháilíonn siad mar chomharthaí ríomh-airgid;
(d)
suíomhanna urrúsaithe i gcomhthéacs urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;
(e)
táirgí árachais neamhshaoil nó saoil a thagann faoi na haicmí árachais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó conarthaí athárachais agus aisghéillte dá dtagraítear sa Treoir sin;
(f)
táirgí pinsin a aithnítear, faoin dlí náisiúnta, mar tháirgí arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus an t-infheisteoir ar scor agus lena dtugtar teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;
(g)
scéimeanna pinsin ceirde a aithnítear go hoifigiúil a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) nó Threoir 2009/138/CE;
(h)
táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin;
(i)
Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ); 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|