Airteagal 17 5.
Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl do BCE gan mhoill an fhaisnéis iomlán a fuarthas faoi mhír 1 agus, i gcás ina bhfuil an institiúid creidmheasa bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha, do bhanc ceannais an Bhallstáit sin freisin. Déanfaidh BCE agus, i gcás inarb infheidhme, banc ceannais an Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis iomlán a fháil, tuairim a eisiúint maidir leis an bhfaisnéis sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an údarás inniúil. Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an institiúid creidmheasa gan an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach chun a thrádála é i gcásanna ina dtugann BCE nó, i gcás inarb infheidhme, banc ceannais an Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír tuairim dhiúltach ar an bhforas go bhfuil riosca ann d’oibriú rianúil córas íocaíochta, tarchur beartais airgeadaíochta nó ceannasacht airgeadaíochta.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|