1. Agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar riosca é lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, go háirithe maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil.