|
+Airteagal 3 Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí agus rialacha maidir leo ---+Article 3 1. ---+Article 3 2. ---+Article 3 3. ---+Article 3 4. |
Airteagal 3 Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí agus rialacha maidir leoAirteagal 3 Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí agus rialacha maidir leo 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na daoine lena mbaineann d’fhonn iad a chur ar an eolas faoi na hathruithe a tugadh isteach leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme chun a chur ar a gcumas a gcearta a dhearbhú. Déanfaidh siad foráil freisin maidir le seirbhísí soláimhsithe a chur ar fáil. 2. Maidir leis na daoine a mbeidh feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leo, ceanglófar orthu an fhaisnéis, na doiciméid nó an fhianaise thacaíochta is gá a chur faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha lena staid féin nó staid a dteaghlaigh a shuíomh, lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a shuíomh nó a choimeád ar bun agus leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na hoibleagáidí atá orthu fúithi a chinneadh. 3. Le linn do na Ballstáit sonraí pearsanta a bhailiú, a tharchur nó a phróiseáil de bhun a reachtaíochta chun críocha an bun-Rialachán a chur chun feidhme, áiritheoidh siad go mbeidh na daoine lena mbaineann ábalta a gcearta maidir le cosaint sonraí pearsanta a lánfheidhmiú, i gcomhréir le forálacha Comhphobail maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. 4. A mhéid is gá chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, cuirfidh na hinstitúidí ábhartha an fhianaise faoi bhráid na n-institiúidí ábhartha agus eiseoidh siad na doiciméid chuig na daoine lena mbaineann gan mhoill agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann. Tabharfaidh an institiúid ábhartha fógra faoina cinneadh don éilitheoir a bhfuil cónaí air nó atá ag fanacht i mBallstát eile, go díreach nó trí chomhlacht idirchaidrimh Ballstát an chónaithe nó an fhanachta. Nuair a bheidh na sochair á ndiúltú, léireoidh sí freisin na cúiseanna a bhí leis an diúltú, na réitigh agus na tréimhsí a cheadaítear le haghaidh achomhairc. Seolfar cóip den chinneadh sin chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|