+CHAPTER IV Invalidity benefits and old-age and survivors’ pensions
---+Airteagal 43 Forálacha breise chun sochar a ríomh
------+Article 43 1.
------+Article 43 2.
------+Article 43 3.
---+Airteagal 44 Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh
------+Article 44 1.
------+Article 44 2.
------+Article 44 3.
---+Airteagal 45 Éileamh ar shochair
------+Article 45 1.
------+Article 45 2.
------+Article 45 3.
------+Article 45 4.
------+Article 45 5.
------+Article 45 6.
---+Airteagal 46 Deimhnithe agus faisnéis a bheidh le taisceadh ag an éilitheoir leis an éileamh
------+Article 46 1.
------+Article 46 2.
------+Article 46 3.
---+Airteagal 47 Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann
------+Article 47 1.
------+Article 47 2.
------+Article 47 3.
------+Article 47 4.
------+Article 47 5.
------+Article 47 6.
------+Article 47 7.
---+Airteagal 48 Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí
------+Article 48 1.
------+Article 48 2.
---+Airteagal 49 An grád easláine a chinneadh
------+Article 49 1.
------+Article 49 2.
---+Airteagal 50 Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochar
------+Article 50 1.
------+Article 50 2.
------+Article 50 3.
---+Airteagal 51 Athríomh ar shochair
------+Article 51 1.
------+Article 51 2.
---+Airteagal 52 Bearta a cheaptar chun dlús a chur le ríomh na sochar
------+Article 52 1.
------+Article 52 2.
------+Article 52 3.
---+Airteagal 53 Bearta um chomhordú sna Ballstáit
------+Article 53 1.
------+Article 53 2.
|
CHAPTER IV Invalidity benefits and old-age and survivors’ pensions
CHAPTER IV Invalidity benefits and old-age and survivors’ pensions
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 Forálacha breise chun sochar a ríomh
|
Airteagal 43 Forálacha breise chun sochar a ríomh 1. Chun críocha méid teoiriciúil agus méid iarbhír an tsochair a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(3), (4), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme. 2. I gcás nach ndearnadh tréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh a chur san áireamh faoi Airteagal 12(3) den Rialachán cur chun feidhme, déanfaidh institiúid an Bhallstáit ar cuireadh isteach na tréimhsí sin faoina reachtaíocht an méid atá ar comhréir leis na tréimhsí sin a ríomh faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Déanfar méid iarbhír an tsochair, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, a mhéadú an méid a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh. 3. Déanfaidh institiúid gach Ballstáit, faoin reachtaíocht a fheidhmíonn sí, an méid atá dlite a ríomh a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh agus, i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(c) den bhun-Rialachán, nach mbeidh faoi réir rialacha Ballstáit eile maidir le tarraingt siar, laghdú nó fionraí. I gcás nach gceadaítear leis an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil an méid seo a chinneadh go díreach, ar na forais go leithdháiltear leis an reachtaíocht luachanna difriúla i leith tréimhsí árachais, féadfar méid barúlacha a shuíomh. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid barúlach sin a chinneadh.
|
|
Airteagal 44 Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh
|
Airteagal 44 Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh 1. Chun críocha an Airteagail seo, tagraíonn ‘tréimhse tógála leanaí’ d’aon tréimhse a dtugtar creidiúint ina leith faoi reachtaíocht pinsin Ballstáit nó lena bhforlíontar pinsean go sainráiteach mar go bhfuil leanbh tógtha ag duine, beag beann ar an modh a úsáideadh chun na tréimhsí sin a ríomh agus más nuair a bhí an leanbh á thógáil a d’fhabhraigh siad nó má tugadh aitheantas go haisghníomhach dóibh. 2. I gcás, faoi reachtaíocht an Bhallstáit atá inniúil faoi Theideal II den bhun-Rialachán, nach gcuirtear tréimhse tógála leanaí ar bith san áireamh, institiúid an Bhallstáit arbh í a reachtaíocht a bhí infheidhme, i gcomhréir le Teideal II den bhun-Rialachán, maidir leis an duine lena mbaineann ar na forais go raibh sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe ar an dáta nuair a tosaíodh ar an tréimhse tógála leanaí a chur san áireamh, faoin reachtaíocht sin, maidir leis an leanbh lena mbaineann, leanfaidh sí de bheith freagrach as an tréimhse sin a chur san áireamh mar thréimhse tógála leanaí faoina reachtaíocht féin, amhail is gurbh ar a chríoch féin a rinneadh an tógáil leanaí sin. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 2 má tá an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ballstáit eile, nó má thagann sé chun bheith amhlaidh, de bharr é a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta.
|
|
Airteagal 45 Éileamh ar shochair
|
Airteagal 45 Éileamh ar shochair A. An t-éileamh ar shochair a chur isteach faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44(2) den bhun-Rialachán 1. D’fhonn sochair a fháil faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44(2) den bhun-Rialachán, taiscfidh an t-éilitheoir éileamh le hinstitiúid an Bhallstáit a raibh a reachtaíocht infheidhme tráth ar tharla an t-éagumas chun oibre ar lean easláine nó forthromú na heasláine sin é, nó le hinstitiúid na háite cónaithe, a dhéanfaidh an t-éileamh a sheoladh chuig an gcéad institiúid. 2. Má deonaíodh sochair bhreoiteachta in airgead, measfar, más iomchuí, gurb é dáta dhul in éag na tréimhse chun na sochair sin a dheonú dáta taiscthe an éilimh ar phinsean. 3. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann árachaithe léi méid na sochar faoin reachtaíocht is infheidhme agus an dáta ar thosaigh siad in iúl don institiúid a d’íoc na sochair i dtosach. Amhail ón dáta sin, déanfar na sochair a bhí dlite roimh fhorthromú na heasláine a tharraingt siar nó a laghdú don fhorlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 47(2) den bhun-Rialachán. B. Éilimh eile ar shochair a chur isteach 4. I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-éilitheoir éileamh chuig institiúid a áite cónaithe nó chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. Mura raibh an duine lena mbaineann tráth ar bith faoi réir na reachtaíochta a chuireann institiúid na háite cónaithe i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid sin an t-éileamh a chur ar aghaidh chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. 5. Beidh feidhm ag dáta taiscthe an éilimh i ngach institiúid lena mbaineann. 6. De mhaolú ar mhír 5, mura dtabharfaidh an t-éilitheoir fógra go raibh sé fostaithe i mBallstáit eile nó go raibh cónaí air i mBallstáit eile, ainneoin gur iarradh air é sin a dhéanamh, measfar gurb é an dáta a gcomhlánaíonn an t-éilitheoir a éileamh tosaigh, nó a gcuireann sé isteach éileamh nua do na tréimhsí fostaíochta agus/nó cónaithe atá in easnamh ina leith, dáta taiscthe an éilimh leis an institiúid a fheidhmíonn an reachtaíocht atá i gceist, faoi réir forálacha níos fabhraí sa reachtaíocht sin.
|
|
Airteagal 46 Deimhnithe agus faisnéis a bheidh le taisceadh ag an éilitheoir leis an éileamh
|
Airteagal 46 Deimhnithe agus faisnéis a bheidh le taisceadh ag an éilitheoir leis an éileamh 1. Taiscfidh an t-éilitheoir an t-éileamh i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta arna cur i bhfeidhm ag an institiúid dá dtagraítear in Airteagal 45(1) nó (4) den Rialachán cur chun feidhme agus beidh na doiciméid tacaíochta ag gabháil leis a cheanglaítear leis an reachtaíocht sin a chur ar fáil. Soláthróidh an t-iarrthóir go háirithe an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil agus doiciméid thacaíochta a bhaineann le tréimhsí árachais (institiúidí, uimhreacha aitheantais), fostaíocht (fostóirí) nó féinfhostaíocht (cineál na gníomhaíochta agus an áit ghníomhaíochta) agus cónaí (seoltaí) a d’fhéadfaí a chur isteach faoi reachtaíocht eile, chomh maith le fad na dtréimhsí sin. 2. I gcás ina n-iarrfaidh an t-éilitheoir, i gcomhréir le hAirteagal 50(1) den bhun-Rialachán, deonú sochar seanaoise a gheofaí faoi reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó a chur siar, sonróidh sé é sin ina éileamh agus sonróidh sé an reachtaíocht faoina n-iarrtar an cur siar. Chun a chur ar chumas an éilitheora an ceart sin a fheidhmiú, tabharfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, faoin bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh ionas go bhféadfaidh sé iarmhairtí dheonú comhreathach nó iarmhairtí dheonú comhleanúnach sochar a d’fhéadfadh sé a éileamh a mheas. 3. Má dhéanann an t-éilitheoir éileamh ar shochair a tharraingt siar ar éileamh é dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Ballstáit ar leith, ní mheasfar go bhfuil na héilimh ar shochair faoi reachtaíocht na mBallstát eile á dtarraingt siar go comhreathach.
|
|
Airteagal 47 Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann
|
Airteagal 47 Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann A. An institiúid theagmhála 1. ‘An institiúid theagmhála’ a ghairfear ina dhiaidh seo den institiúid ar chuici a seolfar an t-éileamh ar shochair nó ar chuici a chuirfear ar aghaidh é, i gcomhréir le hAirteagal 45(1) nó (4) den Rialachán cur chun feidhme. Ní ghairfear an institiúid theagmhála d’institiúid na háite cónaithe más rud é nach raibh an duine, tráth ar bith, faoi réir na reachtaíochta a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm. Chomh maith le himscrúdú ar an éileamh ar shochair faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, ina cáil mar institiúid theagmhála, cuirfidh an institiúid sin chun cinn malartú sonraí, cur in iúl cinntí agus oibríochtaí is gá chun go ndéanfadh na hinstitiúidí lena mbaineann imscrúdú ar an éileamh, agus soláthróidh sé don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis atá ábhartha maidir leis na gnéithe Comhphobail den imscrúdú agus coimeádfaidh sí ar an eolas é faoin dul chun cinn san imscrúdú. B. Imscrúdú ar éilimh ar shochair faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44 den bhun-Rialachán. 2. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 44(3) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid theagmhála na doiciméid uile a bhfuil baint acu leis an duine lena mbaineann chuig an institiúid lena raibh sé nó sí árachaithe roimhe sin agus scrúdóidh an institiúid sin an cás ar a huain. 3. Ní bheidh Airteagail 48 go 52 infheidhme maidir le himscrúdú ar éilimh dá dtagraítear in Airteagal 44 den bhun-Rialachán. C. Imscrúdú ar éilimh eile ar shochair 4. I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 2, seolfaidh an institiúid theagmhála gan mhoill na héilimh ar shochair agus na doiciméid uile atá ar fáil aici, agus i gcás inarb iomchuí, na doiciméid ábhartha a sholáthair an t-éilitheoir do na hinstitiúidí uile lena mbaineann le go bhféadfaidh siad imscrúdú an éilimh a thosú go comhreathach. Tabharfaidh an institiúid theagmhála fógra do na hinstitiúidí eile faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. Sonróidh sí freisin cé na doiciméid a thíolacfar ar dháta is faide anonn agus forlíonfaidh sí an t-éileamh a luaithe is féidir. 5. Tabharfaidh gach ceann de na hinstitiúidí a bheidh i gceist fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile a bheidh i gceist, faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. 6. Déanfaidh gach ceann de na hinstitiúidí lena mbaineann méid na sochar a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52 den bhun-Rialachán agus tabharfaidh sí fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile lena mbaineann faoina cinneadh, faoi mhéid na sochar a bheidh dlite agus faoi aon fhaisnéis eile is gá chun críocha Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 55 den bhun-Rialachán. 7. Má shuíonn institiúid, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo, go bhfuil Airteagal 46(2) nó Airteagal 57(2) nó (3) den bhun-Rialachán infheidhme, cuirfidh sí ar an eolas an institiúid theagmhála agus na hinstitiúidí eile lena mbaineann.
|
|
Airteagal 48 Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí
|
Airteagal 48 Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí 1. Tabharfaidh gach institiúid fógra don éilitheoir faoin gcinneadh a bheidh glactha aici i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Sonróidh gach cinneadh na leighis agus na tréimhsí le haghaidh achomharc. Nuair a bheidh fógra tugtha don institiúid teagmhála faoi na cinntí uile arna nglacadh ag gach institiúid, cuirfidh sí achoimre ar na cinntí sin chuig an éilitheoir agus chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann. Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin múnla na hachoimre. Cuirfear an achoimre chuig an éilitheoir i dteanga na hinstitiúide nó, arna iarraidh sin don éilitheoir, ina rogha teanga, ar teanga í a aithnítear mar theanga oifigiúil de chuid na n-institiúidí Comhphobail, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh. 2. I gcás ina bhfeicfear don éilitheoir, tar éis dó nó di an achoimre a fháil, go ndearna idirghníomhú idir chinntí a rinne dhá institiúid nó níos mó dochar dá chearta, beidh ceart aige chun athbhreithniú ar chinntí na n-institiúidí lena mbaineann laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta faoi seach. Is ar an dáta a bhfaighfear an achoimre a thosóidh na teorainneacha ama. Tabharfar fógra i scríbhinn don éilitheoir faoi thoradh na hathbhreithnithe.
|
|
Airteagal 49 An grád easláine a chinneadh
|
Airteagal 49 An grád easláine a chinneadh 1. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 46(3) den bhun-Rialachán, is í an institiúid theagmhála an t-aon institiúid a bheidh údaraithe chun cinneadh a ghlacadh maidir le grád easláine an éilitheora, má tá an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid sin san áireamh in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an mbun-Rialachán, nó mura bhfuil, is í an institiúid a bhfuil a reachtaíocht san áireamh san Iarscríbhinn VII sin, agus ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an t-éilitheoir faoi réir, a bheidh údaraithe chuige sin. Glacfaidh sí an cinneadh sin a luaithe is féidir léi a chinneadh ar comhalladh na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme, ag cur san áireamh, más iomchuí, Airteagal 6 agus Airteagal 51 den bhun-Rialachán. Tabharfaidh sí fógra faoin gcinneadh sin gan mhoill do na hinstitiúidí eile lena mbaineann. I gcás nach gcomhalltar na coinníollacha incháilitheachta, seachas na cinn a bhaineann leis an ngrád easláine, a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme, ag cur san áireamh forálacha Airteagal 6 agus Airteagal 51 den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid theagmhála institiúid inniúil an Bhallstáit is deireanaí a raibh an t-éilitheoir faoi réir a reachtaíochta ar an eolas gan mhoill. Údarófar don institiúid sin an cinneadh a ghlacadh maidir le grád easláine an éilitheora má chomhalltar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme. Tabharfaidh sí fógra faoin gcinneadh sin gan mhoill do na hinstitiúidí eile lena mbaineann. Nuair atá incháilitheacht á cinneadh, féadfaidh sé, más gá, go gcaithfear an cheist a tharchur an athuair, faoi na coinníollacha céanna, chuig an institiúid atá inniúil don easláine sa chéad Bhallstát a raibh an t-éilitheoir faoi réir a reachtaíochta. 2. I gcás nach mbeidh Airteagal 46(3) den bhun-Rialachán infheidhme, féadfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena reachtaíocht, an t-éilitheoir a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici chun an grád easláine a chinneadh. Déanfaidh institiúid ballstáit, áfach, na doiciméid, na tuarascálacha liachta agus an fhaisnéis riaracháin arna mbailiú ag institiúid gach Ballstáit eile amhail is dá mba ina Ballstát féin a tarraingíodh suas iad.
|
|
Airteagal 50 Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochar
|
Airteagal 50 Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochar 1. D’ainneoin Airteagal 7 den Rialachán cur chun feidhme, aon institiúid a shuífidh, tráth éileamh ar shochair a imscrúdú, go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal sochair neamhspleách faoin reachtaíocht infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(a) den bhun-Rialachán, íocfaidh sí an sochar sin gan mhoill. Measfar gur íocaíocht shealadach í an íocaíocht sin más rud é go bhféadfadh toradh an nós imeachta imscrúdaithe difear a dhéanamh don mhéid. 2. Aon uair is léir ón bhfaisnéis a bhfuil teacht uirthi go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal íocaíochta ó institiúid faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid sin réamhíocaíocht, a mbeidh a méid chomh gar agus is féidir don mhéid is dóigh a íocfar faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán. 3. Gach institiúid a bhfuil sé d’oibleagáid uirthi na sochair shealadacha nó an réamhíocaíocht faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 a íoc, cuirfidh sí an t-éilitheoir ar an eolas gan mhoill, agus a aird á díriú go sonrach aici ar chineál sealadach an bhirt agus ar aon chearta achomhairc atá ann i gcomhréir lena reachtaíocht.
|
|
Airteagal 51 Athríomh ar shochair
|
Airteagal 51 Athríomh ar shochair 1. I gcás ina ndéanfar athríomh ar shochair i gcomhréir le hAirteagal 48(3) agus (4) agus le hAirteagal 50(4) agus le hAirteagal 59(1) den bhun-Rialachán, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 50 den Rialachán cur chun feidhme. 2. I gcás ina ndéanfar an sochar a athríomh, a tharraingt siar nó a fhionraí, cuirfidh an institiúid a ghlac an cinneadh an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill agus cuirfidh sí gach ceann de na hinstitiúidí ar an eolas a bhfuil teideal ag an duine lena mbaineann ina leith.
|
|
Airteagal 52 Bearta a cheaptar chun dlús a chur le ríomh na sochar
|
Airteagal 52 Bearta a cheaptar chun dlús a chur le ríomh na sochar 1. Chun cabhrú agus chun dlús a chur le hiniúchadh ar éilimh agus le híoc sochar, déanfaidh na hinstitiúidí a bhfuil an duine faoi réir a gcuid reachtaíochta, mar a leanas:
(a)
malartóidh siad le hinstitiúidí de chuid Ballstát eile na heilimintí a theastaíonn chun daoine a athraíonn ó reachtaíocht infheidhme náisiúnta amháin go ceann eile a chéannú, nó cuirfidh siad ar fáil do na hinstitiúidí sin iad agus áiritheoidh siad, in éineacht leis na hinstitiúidí sin, go gcoinneofar na heilimintí céannachta sin agus go mbeidh siad comhfhreagrach, nó murarbh fhéidir sin, cuirfidh siad na modhanna ar fáil do na daoine sin le go mbeidh teacht díreach acu ar a n-eilimintí céannachta;
(b)
malartóidh siad leis an duine lena mbaineann agus le hinstitiúidí de chuid Ballstát eile, sách fada roimh aois íosta na gceart pinsin nó roimh aois a chinnfear leis an reachtaíocht náisiúnta, faisnéis (tréimhsí a cuireadh isteach nó eilimintí tábhachtacha eile) maidir le teidlíochtaí pinsin daoine a d’athraigh ó reachtaíocht infheidhme amháin go ceann eile nó, murarbh fhéidir sin, cuirfidh siad na daoine sin ar an eolas maidir leis na modhanna trínar féidir leo a fháil amach faoina dteidlíocht ionchasach sochair, nó cuirfidh siad na modhanna sin ar fáil dóibh.
2. Chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm, cinnfidh an Coimisiún Riaracháin na heilimintí faisnéise a mhalartófar nó a chuirfear ar fáil, agus leagfaidh sé síos na nósanna imeachta cuí agus na meicníochtaí cuí, ag cur san áireamh na saintréithe, an t-eagrúchán riaracháin agus teicniúil agus na modhanna teicneolaíocha atá ar fáil ag scéimeanna pinsin náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin cur chun feidhme na scéimeanna pinsean sin a áirithiú trí obair leantach a eagrú ar na bearta a glacadh agus ar a gcur i bhfeidhm. 3. Chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm, ba chóir go dtabharfaí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo don institiúid sa chéad Bhallstát inar tugadh Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) do dhuine chun críocha riaracháin slándála sóisialta.
|
|
Airteagal 53 Bearta um chomhordú sna Ballstáit
|
Airteagal 53 Bearta um chomhordú sna Ballstáit 1. Gan dochar d’Airteagal 51 den bhun-Rialachán, ina n-áirítear sa reachtaíocht náisiúnta rialacha lena gcinntear an institiúid atá freagrach nó an scéim is infheidhme nó lena sanntar tréimhsí árachais do scéim shonrach, cuirfear na rialacha sin i bhfeidhm gan a chur san áireamh ach na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann. 2. I gcás ina n-áireofar, leis an reachtaíocht náisiúnta, rialacha do chomhordú scéimeanna speisialta do státseirbhísigh agus an scéim ghinearálta do dhaoine fostaithe, ní bheidh tionchar ag forálacha an bhun-Rialacháin ná ag forálacha an Rialacháin chur chun feidhme ar na rialacha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|