+CHAPTER V Unemployment benefits
---+Airteagal 54 Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na sochar
------+Article 54 1.
------+Article 54 2.
------+Article 54 3.
---+Airteagal 55 Coinníollacha agus srianta maidir le teidlíocht chun sochar a choinneáil i gcás daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile
------+Article 55 1.
------+Article 55 2.
------+Article 55 3.
------+Article 55 4.
------+Article 55 5.
------+Article 55 6.
------+Article 55 7.
---+Airteagal 56 Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
------+Article 56 1.
------+Article 56 2.
------+Article 56 3.
---+Airteagal 57 Forálacha maidir le hAirteagail 61, 62, 64 agus 65 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh
------+Article 57 1.
------+Article 57 2.

CHAPTER V Unemployment benefits

CHAPTER V Unemployment benefits

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 54 Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na sochar

Airteagal 54

Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na sochar

1.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12(1) den Rialachán cur chun feidhme maidir le hAirteagal 61 den bhun-Rialachán. Gan dochar do bhunoibleagáidí na n-institiúidí lena mbaineann, féadfaidh an duine lena mbaineann doiciméad a chur faoi bhráid na hinstitiúide inniúla, arna eisiúint ag institiúid an Bhallstáit a raibh sé faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe agus ina sonraítear na tréimhsí a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin.

▼M2

2.  Chun Airteagal 62(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúid inniúil an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta i dtaca leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí á saothrú aige/aici mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, gach faisnéis a sholáthar gan mhoill d’institiúid na háite cónaithe, arna iarraidh sin di, ar faisnéis í a bheidh riachtanach chun sochair dífhostaíochta a fhéadfar a fháil sa Bhallstát ina bhfuil sé suite a ríomh, go háirithe an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas.

▼B

3.  Chun críocha Airteagal 62 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus d’ainneoin Airteagal 63 den Rialachán sin, institiúid inniúil de chuid Ballstáit a bhforáiltear lena reachtaíocht go n-athraíonn ríomh na sochar de réir líon an teaghlaigh, cuirfidh sí san áireamh daoine de theaghlach an duine lena mbaineann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile amhail is dá mba ina gcónaí iad sa Bhallstát inniúil. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina mbeidh duine eile i dteideal sochar dífhostaíochta, arna ríomh ar bhonn líon na ndaoine den teaghlach, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar dhaoine den teaghlach.

Airteagal 55 Coinníollacha agus srianta maidir le teidlíocht chun sochar a choinneáil i gcás daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile

Airteagal 55

Coinníollacha agus srianta maidir le teidlíocht chun sochar a choinneáil i gcás daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile

▼M2

1.  Chun go mbeidh sé cumhdaithe le hAirteagal 64 nó le hAirteagal 65a den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile an institiúid inniúil a chur ar an eolas roimh imeacht dó/di agus iarrfaidh sé/sí doiciméad lena ndeimhneofar go gcoinníonn sé a theideal nó sí a teideal chun sochar faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán.

▼B

Cuirfidh an institiúid sin a oibleagáidí in iúl don duine lena mbaineann agus tabharfaidh sí dó an doiciméad thuasluaite ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

an dáta ar scoir an duine dífhostaithe de bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Stáit inniúil;

(b) 

an tréimhse a deonaíodh don duine dífhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán chun clárú mar dhuine atá ag lorg oibre sa Bhallstát a ndeachaigh sé ann;

(c) 

an tréimhse uasta a fhéadfar an teidlíocht chun sochair a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 64(1)(c) den bhun-Rialachán;

(d) 

na himthosca ar dóigh dóibh tionchar a bheith acu ar an teidlíocht sochar.

2.  I gcomhréir le forálacha Airteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán, cláróidh an duine dífhostaithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a ndeachaigh sé ann, mar dhuine atá ag lorg oibre agus cuirfidh sé an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 chuig institiúid an Bhallstáit sin. Má chuireann sé an institiúid inniúil ar an eolas i gcomhréir le mír 1 ach má mhainníonn sé an doiciméad sin a chur ar fáil, rachaidh institiúid na háite a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun an fhaisnéis is gá sin a fháil.

3.  Cuirfidh seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann ag lorg oibre ar an eolas é faoina oibleagáidí.

4.  Seolfaidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann doiciméad chuig an institiúid inniúil gan mhoill lena luafar an dáta ar chláraigh an duine dífhostaithe leis na seirbhísí fostaíochta agus a sheoladh nua.

Má tharlaíonn, le linn na tréimhse a gcoinneoidh an duine dífhostaithe an teidlíocht chun sochair, aon teagmhas ar dóigh dó tionchar a bheith aige ar theidlíocht sochar, seolfaidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann, gan mhoill, doiciméad chuig an institiúid inniúil agus chuig an duine lena mbaineann, ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha.

Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, soláthróidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann faisnéis ábhartha, gach mí, maidir le staid leanúnach an duine dhífhostaithe agus go háirithe cibé an bhfuil sé fós cláraithe leis na seirbhísí fostaíochta agus an bhfuil na nósanna imeachta seiceála atá eagraithe á gcomhlíonadh aige.

5.  Déanfaidh institiúid na háite a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann seiceálacha nó cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar seiceálacha amhail is dá mba dhuine dífhostaithe a bhí ag fáil sochar faoina reachtaíocht féin é an duine lena mbaineann. Nuair is gá, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas láithreach má tharlaíonn aon imthosca dá dtagraítear i mír 1(d).

6.  Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla dhá Bhallstát nó níos mó nósanna imeachta sonracha agus teorainneacha ama sonracha a aontú eatarthu féin maidir le staid leanúnach an duine dífhostaithe chomh maith le bearta eile a d’éascódh gníomhaíochtaí cuardaithe poist na ndaoine dífhostaithe a théann chuig ceann de na Ballstáit sin faoi Airteagal 64 den bhun-Rialachán.

▼M2

7.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 go mír 6 maidir leis an gcás a chumhdaítear le hAirteagal 65a(3) den bhun-Rialachán.

▼B

Airteagal 56 Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

Airteagal 56

Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

▼M2

1.  I gcás ina mbeartóidh an duine dífhostaithe, i gcomhréir le hAirteagal 65(2) nó le hAirteagal 65a(1) den bhun-Rialachán, é féin nó í féin a chur ar fáil freisin do na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát nach gcuireann na sochair ar fáil, trína chlárú ann mar dhuine atá ag lorg oibre, cuirfidh sé/sí institiúid agus seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a chuireann na sochair ar fáil ar an eolas faoi sin.

Arna iarraidh sin do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit nach gcuireann na sochair ar fáil, seolfaidh na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát a chuireann na sochair ar fáil chucu an fhaisnéis ábhartha maidir le clárú an duine dífhostaithe agus maidir lena chuardach/cuardach ar fhostaíocht.

2.  I gcás ina gceanglófar, leis an reachtaíocht is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann, go ndéanfaidh an duine dífhostaithe oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh agus/nó gníomhaíochtaí cuardaithe poist ar leith a fheidhmiú, beidh tósaíocht acu sin de chuid an Bhallstáit a chuirfidh na sochair ar fáil.

Mura ndéanfaidh an duine dífhostaithe na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh agus/nó na gníomhaíochtaí cuardaithe poist uile a fheidhmiú sa Bhallstát nach gcuireann na sochair ar fáil, ní bheidh aon tionchar aige seo ar na sochair a dhámhfar sa Bhallstát eile.

▼B

3.  Chun críocha Airteagal 65(5)(b) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, cuirfidh institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta institiúid na háite cónaithe ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoi cibé acu an bhfuil an t-oibrí i dteideal sochar faoi Airteagal 64 den bhun-Rialachán.

Airteagal 57 Forálacha maidir le hAirteagail 61, 62, 64 agus 65 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh

Airteagal 57

Forálacha maidir le hAirteagail 61, 62, 64 agus 65 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh

1.  Beidh feidhm de réir mutatis mutandis ag Airteagal 54 agus Airteagal 55 den Rialachán cur chun feidhme maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh.

2.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 56 den Rialachán cur chun feidhme maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh. Duine dífhostaithe a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh, atá dífhostaithe go páirteach nó go hiomlán, agus a raibh cónaí air, le linn a fhostaíochta deiridh, ar chríoch Ballstáit seachas an Stát inniúil, gheobhaidh sé na sochair faoin scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh i gcomhréir le forálacha reachtaíocht an Bhallstáit inniúil amhail is dá mbeadh cónaí air ar chríoch an Bhallstáit sin. Soláthróidh an institiúid inniúil na sochair sin ar a costas féin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas