+Airteagal 5 Tionscadail ar liosta an Aontais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
|
Airteagal 5 Tionscadail ar liosta an Aontais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Dréachtóidh tionscnóirí tionscadail plean cur chun feidhme le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, lena n-áirítear tráthchlár le haghaidh gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
staidéir féidearthachta agus dheartha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil agus an phrionsabail arb é “gan dochar suntasach a dhéanamh”;
(b)
formheas ag an údarás rialála náisiúnta nó ag aon údarás eile lena mbaineann;
(d)
an próiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 10(6), pointe (b).
|
|
Airteagal 5 2.
|
Comhoibreoidh OCTanna, OCDanna agus oibreoirí eile le chéile chun forbairt tionscadal leasa choitinn atá ar liosta an Aontais ina limistéar féin a éascú.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí lena mbaineann faireachán ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na dtionscadal ar liosta an Aontais agus, i gcás inar gá, déanfaidh siad moltaí chun cur chun feidhme na dtionscadal sin a éascú. Féadfaidh na Grúpaí faisnéis bhreise a iarraidh i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6, cruinnithe a thionól leis na páirtithe ábhartha agus iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a fhíorú ar an láthair.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Faoin 31 Nollaig gach bliain tar éis na bliana a dhéantar tionscadal a áireamh ar liosta an Aontais, cuirfidh tionscnóirí tionscadail tuarascáil bhliantúil, maidir le gach tionscadal a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1). Áireofar sa tuarascáil sin mionsonraí maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt, tógáil agus coimisiúnú an tionscadail, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus an nós imeachta comhairliúcháin, chomh maith le comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil, an phrionsabail nach ndéantar “dochar suntasach” don chomhshaol leis an tionscadal, agus bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a rinneadh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, moilleanna i gcomparáid leis an bplean cur chun feidhme, na cúiseanna le moilleanna den sórt sin agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
(c)
i gcás inarb ábhartha, plean athbhreithnithe arb é is aidhm dó na moilleanna a shárú.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Faoin 28 Feabhra gach bliain tar éis na bliana ina mbeidh ar an tionscnóir tionscadail an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den airteagal seo a thíolacadh, cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo faoi bhráid na Gníomhaireachta agus an Ghrúpa ábhartha arna forlíonadh le faisnéis faoin dul chun cinn agus, i gcás inarb ábhartha, faoi mhoilleanna ar chur chun feidhme na dtionscadal ar liosta an Aontais atá lonnaithe ina gcríoch féin maidir leis na próisis deonaithe ceadanna, agus faoi na cúiseanna le moilleanna den sórt sin. Déanfar rannchuidiú na n-údarás inniúil leis an tuarascáil a mharcáil go soiléir dá réir agus dréachtófar é gan an téacs arna thabhairt isteach ag na tionscnóirí tionscadail a mhodhnú.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Faoin 30 Aibreán gach bliain inar cheart liosta nua de chuid an Aontais a ghlacadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chomhdhlúite faoi bhráid na nGrúpaí maidir leis na tionscadail ar an liosta sin de chuid an Aontais atá faoi réir inniúlacht údarás rialála náisiúnta, ina ndéanfar meastóireacht ar an dul chun cinn atá déanta agus athruithe a bhfuiltear ag súil leo maidir le costais tionscadail, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí moltaí i dtaobh conas na moilleanna agus na deacrachtaí a tháinig chun cinn a shárú. Déanfar meastóireacht freisin sa tuarascáil chomhdhlúite sin, i gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/942, ar chur chun feidhme comhsheasmhach na bpleananna forbartha gréasáin uile-Aontais i dtaca leis na conairí agus na réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise a iarraidh atá riachtanach chun a cúraimí a leagtar amach sa mhír seo a dhéanamh.
|
|
Airteagal 5 7.
|
I gcás ina mbíonn moill ar choimisiúnú tionscadail atá ar liosta an Aontais nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an bplean cur chun feidhme, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach bhfuil neart ag an tionscnóir tionscadail orthu, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
(a)
sa mhéid go bhfuil feidhm ag bearta dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2009/73/CE agus Airteagal 51(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2019/944 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena mbaineann, áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar an infheistíocht;
(b)
más rud é nach bhfuil feidhm ag bearta údarás rialála náisiúnta de bhun phointe (a), roghnóidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de 24 mhí ón dáta coimisiúnaithe a leagtar amach sa phlean cur chun feidhme, tríú páirtí chun an tionscadal ar fad nó cuid de a mhaoiniú nó a thógáil;
(c)
mura roghnaítear tríú páirtí i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát nó, i gcás ina bhforálann an Ballstát amhlaidh, an t-údarás rialála náisiúnta, laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b), tríú páirtí a ainmniú chun an tionscadal a mhaoiniú nó a thógáil lena nglacfaidh an tionscnóir tionscadail;
(d)
i gcás inar faide ná 26 mhí an mhoill i gcomparáid leis an dáta coimisiúnaithe sa phlean cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú na mBallstát lena mbaineann agus le comhar iomlán leo, glao ar thograí a sheoladh a bheidh oscailte d’aon tríú páirtí atá i gcumas a bheith ina thionscnóir tionscadail chun an tionscadal a thógáil i gcomhréir le tráthchlár comhaontaithe;
(e)
i gcás ina gcuirtear na bearta dá dtagraítear i bpointe (c) nó (d) i bhfeidhm, tabharfaidh an t-oibreoir córais, a bhfuil an infheistíocht lonnaithe ina limistéar féin, gach faisnéis is gá chun an infheistíocht a réadú do na hoibreoirí cur chun feidhme, do na hinfheisteoirí cur chun feidhme nó don tríú páirtí, nascfaidh an t-oibreoir córais sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha nó, i gcás inarb infheidhme, an gréasán dáileacháin agus déanfaidh an t-oibreoir córais, go ginearálta, sárdhícheall chun cur chun feidhme na hinfheistíochta a éascú agus chun oibríocht agus cothabháil shlán, iontaofa agus éifeachtúil an tionscadail atá ar liosta an Aontais a éascú.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Féadfar tionscadal atá ar liosta an Aontais a bhaint de liosta an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3(4) más rud é gur áiríodh ar an liosta sin é bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar thoisc chinntitheach í lena áireamh, nó mura gcomhlíontar dlí an Aontais leis an tionscadal.
|
|
Airteagal 5 9.
|
Tionscadail nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh, caillfidh siad gach ceart agus oibleagáid atá nasctha le stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail chomhleasa dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Mar sin féin, maidir le tionscadal nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh ach ar glacadh le comhad iarratais ina leith lena scrúdú ag an údarás inniúil, coimeádfaidh sé na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III, seachas i gcás inar baineadh an tionscadal de liosta an Aontais ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 5 10.
|
Ní dochar an tAirteagal seo d’aon chúnamh airgeadais ón Aontas arna dheonú d’aon tionscadal atá ar liosta an Aontais sula ndéantar é a bhaint de liosta an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|