|
+Airteagal 5 4. |
Airteagal 5 4.Faoin 31 Nollaig gach bliain tar éis na bliana a dhéantar tionscadal a áireamh ar liosta an Aontais, cuirfidh tionscnóirí tionscadail tuarascáil bhliantúil, maidir le gach tionscadal a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1). Áireofar sa tuarascáil sin mionsonraí maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt, tógáil agus coimisiúnú an tionscadail, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus an nós imeachta comhairliúcháin, chomh maith le comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil, an phrionsabail nach ndéantar “dochar suntasach” don chomhshaol leis an tionscadal, agus bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a rinneadh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, moilleanna i gcomparáid leis an bplean cur chun feidhme, na cúiseanna le moilleanna den sórt sin agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
(c)
i gcás inarb ábhartha, plean athbhreithnithe arb é is aidhm dó na moilleanna a shárú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|