|
+Airteagal 16 4. |
Airteagal 16 4.A luaithe a bheidh tionscadal leasa choitinn den sórt sin tar éis aibíocht leordhóthanach a bhaint amach, agus a mheasfar é a bheith réidh le tús a chur leis an gcéim thógála laistigh de na chéad 36 mhí eile, déanfaidh na tionscnóirí tionscadail, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna ó na Ballstáit a fhaigheann glantionchar dearfach suntasach uaidh, iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh. Cuirfear san áireamh san iarraidh sin ar infheistíocht iarraidh ar leithdháileadh trasteorann costas agus cuirfear faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha go léir lena mbaineann í, mar aon leis an méid seo a leanas ar fad:
(a)
anailís chostais is tairbhe thionscadalsonrach atá cothrom le dáta agus comhsheasmhach leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 11 agus aird á tabhairt ar thairbhí lasmuigh de theorainneacha na mBallstát a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch trí na cásanna comhpháirteacha arna mbunú chun forbairt gréasáin a phleanáil dá dtagraítear in Airteagal 12, ar a laghad, a bhreithniú. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad sin comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as aon chásanna breise a mheasúnú agus as a áirithiú go gcomhlíonann siad an mhír seo;
(b)
plean gnó ina ndéantar meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail, lena n-áirítear an réiteach maoinithe a roghnaíodh agus, i gcás tionscadal leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, torthaí na tástála margaidh;
(c)
i gcás ina bhfuil tionscnóirí tionscadail ar aon intinn faoi, togra réasúnaithe le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann. I gcás ina bhfuil tionscadal á chur chun cinn ag roinnt tionscnóirí tionscadail, tíolacfaidh siad a n-iarraidh ar infheistíocht go comhpháirteach. Tar éis dóibh í a fháil, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha cóip de gach iarraidh ar infheistíocht a tharchur chuig an nGníomhaireacht, gan mhoill, chun críoch faisnéise. Coinneoidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|