+Airteagal 9 1.

Airteagal 9 1.

Baileoidh oibreoirí faisnéis, doiciméid agus sonraí lena léireofar go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na táirgí ábhartha. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oibreoir an fhaisnéis seo a leanas, maille le fianaise, a bhaineann le gach táirge ábhartha, a bhailiú, a eagrú agus a choimeád ar feadh 5 bliana ón dáta a chuirfear na táirgí ábhartha ar an margadh é nó a onnmhaireofar iad:

(a) 

tuairisc, lena n-áirítear trádainm agus cineál na dtáirgí ábhartha, mar aon le, i gcás táirgí ábhartha a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh, ainm coiteann an speicis agus ainm eolaíoch iomlán an speicis. Áireofar sa tuairisc ar an táirge an liosta tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha atá ann nó a úsáidtear chun na táirgí sin a dhéanamh;

▼M2

(b) 

cainníocht na dtáirgí ábhartha; maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 2 ) in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe, nó, i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh i nglanmhais nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí; beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí nó i gcás ina soláthraítear é mar chuid den dearbhú simplithe;

▼B

(c) 

an tháirgthe agus, i gcás inarb ábhartha, codanna di;

(d) 

geoshuíomh gach dáileachta talún ar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sa táirge ábhartha nó lena ndearnadh é, mar aon le dáta nó raon ama an táirgthe; maidir le táirge ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha ann nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena dhéanamh, ar tráchtearraí iad a táirgeadh ar dháileachtaí talún éagsúla nó a rinneadh le tráchtearraí ábhartha a táirgeadh ar dháileachtaí talún éagsúla, áireofar geoshuíomh na ndáileachtaí talún éagsúla go léir; i gcás ina mbíonn aon dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí ar dháileachtaí talún ar leith, dícháileofar go huathoibríoch na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha go léir ó na dáileachtaí talún sin óna gcur nó óna gcur ar fáil ar an margadh, nó óna n-onnmhairiú uaidh; maidir le táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, agus maidir le táirgí ábhartha a cothaíodh le táirgí ábhartha, déanfaidh an geoshuíomh tagairt do gach bunaíocht inar coinníodh an t-eallach sin; i gcás gach táirge ábhartha eile in Iarscríbhinn I, tagróidh an geoshuíomh do na dáileachtaí talún;

(e) 

ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta nó aon duine óna bhfuarthas na táirgí ábhartha;

▼M2

(f) 

ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta, aon oibreora iartheachtaigh nó aon trádálaí ar soláthraíodh na táirgí ábhartha dóibh;

▼B

(g) 

faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go bhfuil na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú;

(h) 

faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go ndearnadh na dtráchtearraí ábhartha a tháirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe, lena n-áirítear aon socrú a thugann an ceart an ceantar faoi leith a úsáid chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas