+Airteagal 10 Measúnú riosca
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
|
Airteagal 10 Measúnú riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Déanfaidh oibreoirí an fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 9 agus aon doiciméadacht ábhartha eile a fhíorú agus a anailísiú. Ar bhonn na faisnéise agus na doiciméadachta sin, déanfaidh na hoibreoirí measúnú riosca chun a shuí cibé acu atá nó nach bhfuil riosca ann go bhfuil na táirgí ábhartha, a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, neamhchomhlíontach. Ní chuirfidh oibreoirí na táirgí ábhartha ar an margadh ná ní onnmhaireoidh siad uaidh iad ach amháin i gcás ina léireoidh an measúnú riosca nach ann d’aon riosca nó gur diomaibhseach an riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh leis an measúnú riosca go háirithe:
(a)
sannadh an riosca ar an tír tháirgthe ábhartha nó ar chodanna di i gcomhréir le hAirteagal 29;
(b)
láithreacht foraoisí sa tír tháirgthe nó i gcodanna di;
(c)
láithreacht pobal dúchasach sa tír tháirgthe nó i gcodanna de;
(d)
comhairliúchán agus comhar de mheon macánta le pobail dhúchasacha sa tír tháirgthe, nó i gcodanna de;
(e)
éilimh chuí-réasúnaithe ó phobail dhúchasacha a bheith ann bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil infhíoraithe maidir le húsáid nó úinéireacht an limistéir a úsáidtear chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh
(f)
leitheadúlacht an dífhoraoisithe nó díghrádaithe foraoisí sa tír tháirgthe nó i gcodanna de;
(g)
an fhoinse, an iontaofacht, an bhailíocht agus na naisc le doiciméadacht eile atá ar fáil maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1);
(h)
ábhair imní i ndáil leis an tír tháirgthe agus thionscnaimh nó codanna díobh, amhail an leibhéal éillithe, forleithne an bhrionnaithe doiciméad agus sonraí, easpa fhorfheidhmiú an dlí, sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, coinbhleacht armtha a bheith ann nó smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó Comhairle an Aontais Eorpaigh;
(i)
castacht an tslabhra soláthair ábhartha agus céim phróiseáil na dtáirgí ábhartha, go háirithe deacrachtaí maidir le táirgí ábhartha a nascadh leis an dáileacht talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha;
(j)
an riosca a bhaineann le himchéimniú an Rialacháin seo nó le meascadh le táirgí ábhartha de thionscnamh anaithnid nó a táirgeadh i limistéir inar tharla dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí nó ina bhfuil dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí ag tarlú;
(k)
conclúidí ó chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo, arna bhfoilsiú sa chlár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin;
(l)
ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, agus faisnéis faoi stair neamhchomhlíontachta oibreoirí nó trádálaithe feadh an tslabhra soláthair ábhartha i dtaca leis an Rialachán seo;
(m)
aon fhaisnéis a léireodh gur ann do riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach;
(n)
faisnéis chomhlántach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, lena bhféadfar faisnéis arna soláthar le deimhniúchán nó le scéimeanna eile atá deimhnithe ag tríú páirtithe a áireamh, lena n-áirítear scéimeanna deonacha arna n-aithint ag an gCoimisiún faoi Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
), ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán seo leis an bhfaisnéis;
|
|
Airteagal 10 3.
|
Maidir le táirgí adhmaid a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus a chumhdaítear le ceadúnas bailí FLEGT ó scéim cheadúnais oibríochtúil, measfar go gcomhlíontar Airteagal 3, pointe (b), den Rialachán seo leis an táirgí sin.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Déanfaidh na hoibreoirí na measúnuithe riosca a dhoiciméadú agus a athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad agus cuirfidh siad iad ar fáil do na húdaráis inniúla iad arna iarraidh sin. Beidh oibreoirí in ann a léiriú conas a seiceáladh an fhaisnéis a bailíodh in aghaidh na gcritéar measúnaithe riosca a leagtar amach i mír 2 agus conas a chinn na hoibreoirí céim an riosca.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|