+Airteagal 18 2.

Airteagal 18 2.

Sna seiceálacha ar oibreoirí, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh freisin:

(a) 

scrúdú ar an láthair ar thráchtearraí ábhartha nó ar na táirgí ábhartha d’fhonn a shuíomh go gcomhfhreagraíonn siad do na doiciméadacht a úsáidtear chun dícheall cuí a fheidhmiú;

(b) 

scrúdú ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh faoi Airteagal 24;

(c) 

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an speiceas nó an áit bheacht a chinneadh inar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena n-áirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach nó DNA;

(d) 

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cibé acu atá na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena n-áirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí nó ó fhoinsí ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach; agus

(e) 

seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh agus lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, ar choinníoll go n-aontóidh na tríú tíortha sin, trí chomhar le húdaráis riaracháin de chuid na dtríú tíortha sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas