+Airteagal 7 Deighilt na gcúraimí laistigh de SRA
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
|
Airteagal 7 Deighilt na gcúraimí laistigh de SRA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Beidh an Bord freagrach as feidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach SRA.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Faoi réir na bhforálacha dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), beidh an Bord freagrach as na pleananna réitigh a tharraingt suas agus na cinntí go léir a ghlacadh a bhaineann le réiteach maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nach cuid de ghrúpa iad, agus maidir le grúpaí:
(i)
a mheastar a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013; nó
(ii)
arb i ndáil leis a bheidh cinneadh déanta ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 na cumhachtaí ábhartha go léir a fheidhmiú go díreach; agus
|
|
Airteagal 7 3.
|
I ndáil le heintitis agus grúpaí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, gan dochar do fhreagrachtaí an Bhoird as na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, feidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cúraimí seo a leanas agus beidh siad freagrach as na cúraimí seo leanas:
(a)
pleananna réitigh a ghlacadh agus measúnú a dhéanamh ar inréiteacht i gcomhréir le hAirteagal8 agus le hAirteagal 10 agus leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9;
(b)
bearta a ghlacadh le linn idirghabhála luaithe i gcomhréir le hAirteagal 13(3);
(c)
oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm nó go dtarscaoilfí an oibleagáid pleananna réitigh a dhréachtadh, i gcomhréir le hAirteagal 11;
▼M1
(d)
leibhéal an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe a shocrú, i gcomhréir le hAirteagal 12 go 12k;
▼B
(e)
cinntí réitigh a ghlacadh agus uirlisí réitigh dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus leis na coimircí ábhartha, ar choinníoll nach n-éileofar leis an ngníomhaíocht réitigh aon úsáid den Chiste agus go maoineofar é go heisiach leis na huirlisí dá dtagraítear in Airteagal 21 agus in Airteagal 24 go hAirteagal 27 agus/nó leis an scéim ráthaíochta taiscí, i gcomhréir le hAirteagal 79, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31;
(f)
ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó de bhun Airteagal 21, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.
Má éilítear úsáid an Chiste leis an ngníomhaíocht réitigh, glacfaidh an Bord an scéim réitigh. Nuair a bheidh cinneadh réitigh á ghlacadh, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an plean réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur i gcuntas agus a leanúint, mura rud é go measfaidh siad, agus imthosca an cháis á gcur i gcuntas, go mbainfear amach na cuspóirí réitigh níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sa phlean réitigh. Nuair a bheidh na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo á bhfeidhmiú, cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta forálacha ábhartha an Rialacháin seo i bhfeidhm. Aon tagairtí don Bhord in Airteagal 5(2), Airteagal 6(5), Airteagail 8(6), (8), (10), an tríú fomhír, (11a), (12), agus (13), Airteagal 10(1) go (10), Airteagal 10a, Airteagail 11 go 14, Airteagal 15(1), (2) agus (3), Airteagal 16, Airteagal 18(1), (1a), (2), (5) agus (6), Airteagal 20, Airteagal 21(1) go (7), Airteagal 21(8), an dara fomhír, Airteagal 21(9) agus (10), Airteagal 22(1), (3), (5) agus (6), Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(3), Airteagal 27(1) go (15), Airteagal 27(16), an dara fomhír, an dara habairt, an tríú fomhír, agus an ceathrú fomhír, an chéad, an tríú agus an ceathrú habairt, Airteagal 30(2b) agus (2c), Airteagal 30a(1) agus (2), Airteagal 32 agus Airteagal 79(1), (2), (7) agus (8), léifear iad mar thagairtí do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le grúpaí agus eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2014/59/AE a fheidhmiú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an Bord a chur ar an eolas faoi na bearta dá dtagraítear sa mhír seo a bheidh le glacadh agus comhordóidh siad go dlúth leis an mBord agus na bearta sin á nglacadh acu. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur faoi bhráid an Bhoird, chomh maith le haon nuashonruithe, lena ngabhfaidh measúnú réasúnaithe maidir le hinréiteacht an eintitis nó an ghrúpa lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Nuair is gá, chun ardchaighdeáin réitigh a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach faoin Rialachán seo, féadfaidh an Bord:
(a)
tar éis d'údarás réitigh náisiúnta fógra a thabhairt maidir le beart faoi mhír 3 den Airteagal seo de bhun Airteagal 31(1) laistigh den fhráma ama cuí ag féachaint do phráinn na n-imthosca, rabhadh a thabhairt don údarás imréitigh náisiúnta ábhartha i gcás ina measfaidh an Bord nach gcomhlíonann an dréachtchinneadh maidir le haon eintiteas nó grúpa dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an Rialachán seo nó a threoracha ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 31(1)(a);
(b)
a chinneadh tráth ar bith, go háirithe mura mbeifear á dhíriú go hiomchuí ar an rabhadh dá dtagraítear i bpointe (a), ar a thionscnamh féin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta lena mbaineann nó arna iarraidh sin don údarás réitigh náisiúnta lena mbaineann, na cumhachtaí ábhartha go léir faoin Rialachán seo, agus freisin maidir le haon eintiteas nó grúpa dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a fheidhmiú go díreach.
|
|
Airteagal 7 5.
|
D’ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfaidh an Bord na cumhachtaí agus freagrachtaí ábhartha go léir a thugtar dó leis an Rialachán seo i ndáil le heintitis agus le grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a fheidhmiú. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 3 ná ag mír 4 den Airteagal seo, ag Airteagal 9, ag Airteagal 12(3), ná ag Airteagal 31(1). Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil rún acu an rogha sin a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún ina leith sin. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tar éis éifeacht a bheith ag an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfar an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí maidir le heintitis agus grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, a chur ar ais chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, agus sa chás sin ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo a thuilleadh. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil rún acu an rogha sin a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún ina leith sin. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra sin ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|