|
+Airteagal 12c 3. |
Airteagal 12c 3.Maidir le dliteanais arna n-eisiúint ag fochuideachta atá bunaithe san Aontas do scairshealbhóir atá ann cheana nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é, agus ar cuid den ghrúpa réitigh céanna leis an eintiteas réitigh an fhochuideachta sin, cuimseofar na dliteanais sin i méid chistí dílse agus dhliteanas incháilithe an eintitis réitigh sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
déantar iad a eisiúint i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12g(2);
(b)
nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó maidir leis na dliteanais sin i gcomhréir le hAirteagal 21, don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
(c)
nach mó iad ná an méid a chinntear trí:
(i)
shuim na ndliteanas a eisítear don eintiteas réitigh agus a cheannaíonn an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eisítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 12g(2) a bhaint den
(ii)
mhéid is gá i gcomhréir le hAirteagal 12g(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|