+Airteagal 12d An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh
---+Airteagal 12d 1.
---+Airteagal 12d 2.
---+Airteagal 12d 2a.
---+Airteagal 12d 3.
---+Airteagal 12d 4.
---+Airteagal 12d 5.
---+Airteagal 12d 6.
---+Airteagal 12d 7.
---+Airteagal 12d 8.
---+Airteagal 12d 9.
|
Airteagal 12d An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12d 1.
|
Is é an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, a chinnfidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1), agus déanfaidh sé sin ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)
an gá a áirithiú gur féidir an grúpa réitigh a réiteach trí na huirlisí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an uirlis fortharrthála, a chur i bhfeidhm ar an eintiteas réitigh ar chaoi ina gcomhlíonfar na cuspóirí réitigh;
(b)
an gá a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe leordhóthanacha ag an eintiteas réitigh agus ag a fhochuideachtaí ar institiúidí nó eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (3) iad ach nach eintitis réitigh iad, chun a áirithiú, dá gcuirfí an uirlis fortharrthála nó na cumhachtaí díluachála agus comhshó i bhfeidhm maidir leo, faoi seach, gur féidir caillteanais a ionsú agus cóimheas caipitil iomlán agus, de réir mar is infheidhme, cóimheas luamhánaithe na n-eintiteas ábhartha a athbhunú go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(c)
an gá a áirithiú gur leor, i gcás ina dtuarfar sa phlean réitigh gur féidir go n-eisiafaí aicmí áirithe dliteanas incháilithe ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 27(5) nó go n-aistreofaí iad chuig faighteoir go hiomlán faoi pháirt-aistriú, gur leor na cistí dílse agus na dliteanais incháilithe eile atá ag eintiteas réitigh chun a áirithiú gur féidir caillteanais a ionsú agus gur féidir an cóimheas caipitil iomlán, agus i gcás inarb infheidhme, cóimheas luamhánaithe an eintitis réitigh a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leis leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(d)
méid, samhail ghnó, samhail mhaoinithe agus próifíl riosca an eintitis;
(e)
a mhéid a dhéanfadh cliseadh an eintitis dochar don chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí aicídiú chuig institiúidí nó eintitis eile mar gheall ar idirnascthacht an eintitis le hinstitiúidí nó eintitis eile nó leis an gcuid eile den chóras airgeadais.
|
|
Airteagal 12d 2.
|
I gcás ina bhforáiltear sa phlean réitigh go bhfuil gníomhaíocht réitigh le déanamh, nó go bhfuil an chumhacht chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 le feidhmiú; i gcomhréir leis an gcás ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8(6), beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) cothrom le méid ar leor é chun a áirithiú:
(a)
go n-ionsúfar go hiomlán na caillteanais a mheastar a thabhóidh an t-eintiteas (“ionsú caillteanais”);
(b)
go n-athchaipitleofar an t-eintiteas réitigh, agus a fhochuideachtaí ar institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) nó (3) iad ach nach eintitis réitigh iad, go dtí an leibhéal is gá chun a chumasú dóibh leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE, Treoir 2014/65/AE nó gníomh reachtach coibhéiseach ar feadh tréimhse ama iomchuí nach faide ná aon bhliain (“athchaipitliú”).
|
|
Airteagal 12d 2a.
|
Ní chinnfidh an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) deintitis leachtaithe. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an Bord measúnú i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a chinneadh le haghaidh eintiteas leachtaithe ar bhonn aonair ag méid atá níos mó ná an méid atá leordhóthanach chun caillteanais a ionsú i gcomhréir le mír 2, pointe (a), den Airteagal seo. Cuirfidh an Bord san áireamh ina mheasúnú, go háirithe, aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an riosca tógálachta don chóras airgeadais, lena n-áirítear maidir le hacmhainneacht mhaoiniúcháin na scéimeanna ráthaithe taiscí. I gcás ina gcinneann an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1), comhlíonfaidh an t-eintiteas leachtaithe an ceanglas sin trí cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a úsáid:
(b)
dliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointí (b) agus (d), den Rialachán sin;
(c)
na dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 12c(2).
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 77(2) agus Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis leachtaithe nár chinn an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) den Rialachán seo ina leith. Maidir le sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fo-institiúidí ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ina leith, ní dhéanfar iad a asbhaint faoi Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De mhaolú ar an gceathrú fomhír, déanfaidh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nach eintiteas réitigh í nó é féin ach fochuideachta d’eintiteas réitigh nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mba san Aontas a bheadh sé bunaithe a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse i bhfo-institiúidí a asbhaint ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad agus ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an Bord ina leith an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i gcás ina bhfuil méid comhiomlán na sealúchas sin cothrom le, nó níos mó ná, 7 % de mhéid iomlán a gcistí dílse agus a ndliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta a shonraítear in Airteagal 12g(2), a ríomhtar go bliantúil an 31 Nollaig mar mheán thar an 12 mhí roimhe sin.’;
|
|
Airteagal 12d 3.
|
I gcás eintitis réitigh, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
(a)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite;
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh, a tháinig as réiteach, comhlíonadh a cheanglais cóimheasa caipitil iomlán dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú agus comhlíonadh a cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite tar éis stráitéis réitigh na tosaíochta a chur chun feidhme; agus
(b)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe b) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do cheanglas chóimheas luamhánaithe an eintitis dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite; agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh a tháinig as réiteach comhlíonadh an cheanglais cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite tar éis stráitéis réitigh na tosaíochta a chur chun feidhme.
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 12a(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadáin mar an méid a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 12a(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadáin mar an méid a ríomhfar i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Nuair a bheidh an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an Bord san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27(7). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas:
(a)
leas a bhaint as na luachanna tuairiscithe is déanaí le haghaidh mhéid iomlán ábhartha na neamhchosanta ar riosca nó le haghaidh thomhas iomlán na neamhchosanta, arna choigeartú le haghaidh aon athruithe a thagann as gníomhaíochtaí réitigh a leagtar amach sa phlean réitigh; agus
(b)
tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, an méid a chomhfhreagraíonn don cheanglas atá ann faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a choigeartú síos nó suas chun an ceanglas atá le cur i bhfeidhm a chinneadh maidir leis an eintiteas réitigh tar éis chur chun feidhme straitéis réitigh na tosaíochta.
Beidh an Bord in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír a mhéadú le méid iomchuí is gá chun a áirithiú go gcothóidh an t-eintiteas muinín mhargaidh leordhóthanach, tar éis an réitigh, ar feadh tréimhse ama iomchuí, nach faide ná bliain amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidh an méid dá dtagraítear san fhomhír sin in ionannas leis an ceanglas maoláin chomhcheangailte atá le feidhm a bheith aige lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE. Déanfar an méid dá dtagraítear sa séu fomhír den mhír seo a choigeartú in ísle, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, go gcinnfidh an Bord, gur indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta an ghrúpa réitigh a sholáthar agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus Airteagal 76(3) agus, tar éis chur chun feidhme na straitéise réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, go gcinnfidh an Bord gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta an ghrúpa réitigh a sholáthar agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin.
|
|
Airteagal 12d 4.
|
Le haghaidh eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar mó ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, beidh leibhéal an cheanglais dá dtagraítear i mír 3 den mhír seo ar a laghad cothrom:
(a)
le 13,5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2), agus
(b)
le 5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 12a(2).
De mhaolú ar Airteagal 12c, na heintitis réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad leibhéal an cheanglais dá dtagraítear sa mhír seo, atá cothrom le 13,5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2) agus cothrom le 5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 12a(2), nó le dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 12c(3) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 12d 5.
|
Arna iarraidh sin d'údarás náisiúnta réitigh de chuid eintiteas réitigh, déanfaidh an Bord na ceanglais a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar lú ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, agus a measfaidh an Bord gur dócha go réasúnta, dar leis an údarás náisiúnta réitigh, riosca sistéamach a bheith ag gabháil leis i gcás a chliste. Agus cinneadh á dhéanamh iarraidh a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an t-údarás náisiúnta réitigh an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
leitheadúlacht taiscí, agus neamhláithreacht ionstraimí fiachais, sa tsamhail chistiúcháin;
(b)
a mhéid atá rochtain theoranta ar na margaí caipitil le haghaidh dliteanais incháilithe teoranta;
(c)
a mhéid a bhraitheann an t-eintiteas réitigh ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun freastal ar an riachtanas dá dtagraítear in Airteagal 12f.
Iarraidh ón-údarás náisiúnta réitigh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo gan bheith ann, ní dochar an easpa iarraidh sin d'aon chinneadh ón mBord faoi Airteagal 12c(5)
|
|
Airteagal 12d 6.
|
I gcás eintitis nach eintitis réitigh iontu féin iad, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
(a)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanais atá le hionsú a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE; agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas an comhlíonadh lena cheanglas i leith a chóimheasa caipitil iomláin dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus lena cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh; agus
(b)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanais atá le hiompar a chomhfhreagraíonn do chóimheas luamhánaithe an eintitis dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1); agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas comhlíonadh an cheanglais cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo nó réiteach an ghrúpa réitigh.
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 12a(2)(a), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 12a(2)(b), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Nuair a bheidh an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an Bord san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27(7). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an Bord:
(a)
leas a bhaint as na luachanna tuairiscithe is déanaí le haghaidh mhéid iomlán ábhartha na neamhchosanta ar riosca nó thomhas iomlán na neamhchosanta, arna choigeartú le haghaidh'aon athruithe de toradh ar gníomhartha leagtar amach sa phlean athstructúraithe; agus
(b)
tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear BCE, an méid a chomhfhreagraíonn don cheanglas atá ann faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a choigeartú aníos nó anuas chun an ceanglas atá le feidhm a bheith aige a chinneadh maidir leis an eintiteas ábhartha tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh.
Beidh an Bord in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a)(ii) den chéad fhomhír den mhír seo a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21, go leanfaidh an t-eintiteas de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus go mbeidh sé in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. I gcás ina bhfuil feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidh an méid dá dtagraítear san fhomhír sin ionann agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte atá le feidhm a bheith aige tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21 nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE. Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a ísliú, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear BCE, go gcinnfidh an Bord, gur indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a áirithiú agus chun a áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21, nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, go gcinnfidh an Bord gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin.
|
|
Airteagal 12d 7.
|
I gcás inar dóigh leis an mBord go bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar, go hiomlán nó go páirteach, aicmí áirithe dliteanas incháilithe ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 27(5) nó go bhféadfadh sé go n-aistreofaí iad go iomlán chuig faighteoir in aistriú páirteach, déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a chomhlíonadh le cistí dílse nó dliteanais incháilithe eile ar leor iad chun:
(a)
méid na ndliteanas eisiata a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 27(5) a chumhdach;
(b)
a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 12d 8.
|
In aon chinneadh de chuid an Bhoird íoscheanglas cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoin Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 go mír 7 den Airteagal seo, agus déanfaidh an Bord athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a léiriú.
|
|
Airteagal 12d 9.
|
Chun críocha mhír 3 agus mhír 6 den Airteagal seo, léireofar na ceanglais chaipitil i gcomhréir leis an gcur i bhfeidhm a dhéanann an t-údarás inniúil ar na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i gCaibidil 1, Caibidil 2 agus Caibidil 4 de Theideal I de Chuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i bhforálacha na reachtaíochta náisiúnta lena bhfeidhmítear na roghanna a tugadh do na húdaráis inniúla leis an Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|