+Airteagal 12k Socruithe idirthréimhseacha agus iar-réitigh
---+Airteagal 12k 1.
---+Airteagal 12k 2.
---+Airteagal 12k 3.
---+Airteagal 12k 4.
---+Airteagal 12k 5.
---+Airteagal 12k 6.
---+Airteagal 12k 7.
---+Airteagal 12k 8.

Airteagal 12k Socruithe idirthréimhseacha agus iar-réitigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12k 1.
De mhaolú ar Airteagal 12a(1), cinnfidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta idirthréimhsí iomchuí le haghaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (3) chun na ceanglais in Airteagal 12f nó in Airteagal 12g a chomhlíonadh, nó na ceanglais is toradh do chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5) nó (7), de réir mar is iomchuí. Is é an spriocdháta d'eintitis na ceanglais atá in Airteagail 12f nó 12g nó na ceanglais is toradh iad ar chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4) (5) nó (7) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2024.

Cinnfidh an Bord spriocleibhéil idirmheánacha do na ceanglais atá in Airteagal 12f nó Airteagal 12g nó do cheanglas is toradh do chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4) (5) nó (7), mar is iomchuí, nach mór don institiúid nó don eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (3) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2022. Leis na spriocleibhéil idirmheánacha, is gnáth méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe ionsar an cheanglas a áirithiú.

Féadfaidh an Bord idirthréimhse a leagan síos ar feadh tréimhse a dtagann deireadh leis tráth is déanaí an 1 Eanáir 2024 gcás ina mbeidh údar cuí leis agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

forbairt staid airgeadais an eintitis;

(b) 

go bhféadfadh an t-eintiteas a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais in Airteagail 12f nó 12g, laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó ceanglas is toradh do chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5) nó (7), faoi cheann tréimhse ama réasúnta; agus

(c) 

an bhfuil an t-eintitis ábalta dliteanais a chur in ionad dliteanais nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir incháilitheachta ná aibíochta a leagtar síos in Airteagal 72b agus Airteagal 72c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus in Airteagal 12c nó Airteagal 12g(2) den Rialachán seo, agus mura bhféadfaidh, an rud neamhghnách nó an suaitheadh ar fud an mhargaidh is cúis leis an neamhábaltacht sin.

Airteagal 12k 2.
Is é an spriocdháta d'eintitis réitigh íosleibhéal na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12d(4) nó (5) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2022.
Airteagal 12k 3.

Ní bheidh feidhm ag leibhéil íosta na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12d(4) agus (5) laistigh den tréimhse dhá bhliain tar éis an dáta:

▼M6

(a) 

ar ar chuir an Bord an uirlis tarrthála inmheánaí i bhfeidhm; nó

▼M1

(b) 

ar chuir an t-eintiteas réitigh beart malartach ón earnáil phríobháideach i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 18(1) lena ndearnadh ionstraimí caipitil agus dliteanais eile a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, nó a ndearnadh cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 21i ndáil leis an eintiteas réitigh sin, chun an t-eintiteas réitigh a athchaipitliú gan uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm.

Airteagal 12k 4.
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12c(4) agus Airteagal 12c(7) agus in Airteagal 12d(4) agus Airteagal 12d(5), de réir mar is infheidhme, laistigh den tréimhse trí bliana tar éis an dáta an-aithneofar mar G-SII an t-eintiteas réitigh nó an grúpa a bhfuil an t-eintiteas réitigh mar chuid de, nó tar éis an dáta a dtosóidh an t-eintiteas réitigh a bheith sa staid dá dtagraítear in Airteagal 12d(4) nó (5).
Airteagal 12k 5.
De mhaolú ar Airteagal 12a(1), cinnfidh an Bord idirthréimhse iomchuí ina ndéanfar na ceanglais atá in Airteagal 12f nó 12g a chomhlíonadh, nó ceanglas is toradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5), nó (7), de réir mar is iomchuí, ar eintitis a ndearnadh uirlisí réitigh, nó an chumhacht díluachála nó comhshó dá dtagraítear in Airteagal 21, a chur i bhfeidhm maidir leo.
Airteagal 12k 6.
Chun críocha mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Bord in iúl don eintiteas íoscheanglas pleanáilte le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh gach tréimhse 12 mhí i rith na hidirthréimhse d’fhonn an cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin aige a mhéadú arís diaidh ar ndiaidh. Ag deireadh na hidirthréimhse, beidh an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe cothrom leis an méid a chinnfear faoi Airteagal 12c(4), (5) nó (7), Airteagal 12d(4) nó (5), Airteagal 12f nó Airteagal 12g, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 12k 7.

Agus na hidirthréimhsí á socrú acu, cuirfidh an Bord an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

leitheadúlacht taiscí, agus neamhláithreacht ionstraimí fiachais, sa tsamhail chistiúcháin;

(b) 

an rochtain ar na margaí caipitil le haghaidh dliteanais incháilithe;

(c) 

a mhéid a bhrathann an t-eintiteas réitigh ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 chun freastal ar an gceangal dá dtagraítear in Airteagal 12f.

Airteagal 12k 8.
Faoi réir mhír 1, ní chuirfear cosc ar an mBord athbhreithniú a dhéanamh, ina dhiaidh sin, ar an idirthréimhse nó ar aon íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe pleanáilte a cuireadh in iúl faoi mhír 6.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas