+Airteagal 18 Nós imeachta réitigh
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 1a.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
---+Airteagal 18 9.
---+Airteagal 18 10.
---+Airteagal 18 11.
---+Airteagal 18 12.

Airteagal 18 Nós imeachta réitigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.

Déanfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh de bhun mhír 6 i ndáil leis na heintitis agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus leis na hinstitiúidí agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) i gcás ina mbeidh na coinníollacha do chur i bhfeidhm na míreanna sin comhlíonta, ach amháin nuair a dhéanfaidh sé measúnú orthu, ina sheisiún feidhmiúcháin, tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun an ceathrú fomhír nó ar a thionscnamh féin, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a) 

tá ag cliseadh ar an eintiteas nó is dócha go gclisfidh air;

▼M1

(b) 

ag féachaint d'uainiú agus d'imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach lena n-áirítear bearta ó IPS nó aon ghníomhaíocht maoirseachta, lena n-áirítear bearta luath-idirghabhála nó díluachála nó comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), ionstraimí caipitil ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 12g(2), a dhéanfaí i ndáil leis an eintiteas, cosc ar chliseadh an eintitis laistigh de thréimhse réasúnach ama;

▼B

(c) 

is gá beart réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.

Is é BCE, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a dhéanfaidh measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír. Féadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, measúnú den sórt sin a dhéanamh ach ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin tar éis dó a rún intinne a chur in iúl roimh ré do BCE agus sa chás amháin nach mbeidh measúnú den sórt sin déanta ag BCE laistigh de thrí lá féilire ón bhfaisnéis sin a fháil. Aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh an Bord ar BCE d'fhonn eolas a thbahairt le haghaidh a mheasúnaithe, tabharfaidh BCE dó í gan mhoill.

I gcás ina measúnóidh BCE go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír comhlíonta i ndáil le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill.

Is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, a dhéanfaidh an measúnú faoin gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, i ndlúthchomhar le BCE. Féadfaidh BCE an Bord nó na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann a chur ar an eolas go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos sa phointe sin comhlíonta.

Airteagal 18 1a.
Féadfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh i gcomhréir le mír 1 i ndáil le comhlacht lárnach agus i ndáil le gach institiúid creidmheasa atá buancleamhnaithe léi ar cuid den ghrúpa réitigh chéanna iad nuair a chomhlíonann an grúpa réitigh sin ina iomláine na coinníollacha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.
Airteagal 18 2.
Gan dochar do chásanna inar chinn BCE cúraimí maoirseachta a fheidhmiú go díreach a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ag BCE, i gcás ina bhfaightear cumarsáid de bhun mhír 1, nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an mBord measúnú a dhéanamh faoi mhír 1 ar a thionscnamh féin, i ndáil le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(3), déanfaidh an Bord a mheasúnú sin a chur in iúl gan mhoill do BCE.
Airteagal 18 3.
An beart a glacadh roimhe seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, Airteagal 27(1), nó Airteagal 28 nó Airteagal 29 de Threoir 2014/59/AE, nó Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, ní coinníoll atá ann maidir le gníomhaíocht réitigh.
Airteagal 18 4.

Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó gur dócha go gclisfear air i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a) 

tá na ceanglais chun leanúint d'údarú á sárú ag an eintiteas nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh go sáróidh an t-eintiteas na ceanglais sin amach anseo, ar dhóigh ina mbeadh bonn cirt le tarraingt siar an údaraithe ag BCE, lena n-áirítear de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an eintiteas nó gur dócha go dtabhóidh an t-eintiteas caillteanais a ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan a bheith teoranta don chúis sin amháin;

(b) 

tá sócmhainní an eintitis níos lú ná dliteanais an eintitis, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;

(c) 

níl an t-eintiteas in ann na fiacha nó na dliteanais eile atá air a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;

(d) 

tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ach amháin, chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, nuair a bheidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(i) 

ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;

(ii) 

ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe; nó

(iii) 

instealladh cistí dílse nó ceannach ionstraimí caipitil ar phraghsanna agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste don eintiteas, i gcás nach ann do na himthosca dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír seo ná do na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 21(1) tráth a dtabharfar an tacaíocht phoiblí.

I ngach ceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) de phointe (d) den chéad fhomhír, beidh an ráthaíocht nó na bearta coibhéiseacha dá dtagraítear iontu teoranta do na heintitis sócmhainneacha agus beidh siad faoi réir coinníll formheasa chríochnaithigh faoi chreat Státchabharach an Aontais. Beidh na bearta sin de chineál réamhchúramach agus sealadach agus beidh siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas agus ní úsáidfear iad chun caillteanais a bheidh tabhaithe ag an eintiteas, nó ar dócha é go dtabhófar iad amach anseo, a chúiteamh.

Déanfar bearta tacaíochta faoi phointe (d)(iii) den chéad fhomhír a theorannú do na hinstealltaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar easnamh caipitil atá bunaithe i dtástálacha struis náisiúnta an Aontais nó SMA go léir in athbhreithnithe cáilíochta sócmhainní nó cleachtaí coibhéiseacha arna seoladh ag BCE, ag ÚBE nó ag na húdaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, arna ndeimhniú ag an údarás inniúil.

Má thíolacann an Coimisiún togra reachtach de bhun Airteagal 32(4) de Threoir 2014/59/AE, déanfaidh sé, más iomchuí, ar an tslí chéanna, togra reachtach lena leasófar an Rialachán seo a thíolacadh.

Airteagal 18 5.
Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, caithfear le gníomhaíocht réitigh amhail is le leas an phobail sin a dhéanamh más gá é le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh mar dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach agus é comhréireach leo agus más rud é nach gcomhlíonfaí na cuspóirí réitigh sin go feadh an mhéid chéanna dá ndéanfaí an t-eintiteas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Airteagal 18 6.

Má chomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 1, glacfaidh an Bord scéim réitigh. Déanfar leis an scéim réitigh:

(a) 

an t-einteatas a chur faoi réiteach;

(b) 

cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh i leith na hinstitiúide faoi réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22(2) a chinneadh, go háirithe aon eisiaimh ó chur i bhfeidhm na fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27(5) agus (14);

(c) 

úsáid an Chiste a chinneadh chun tacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht réitigh i gcomhréir le hAirteagal 76 agus i gcomhréir le cinneadh ón gCoimisiún a bheidh glactha i gcomhréir le hAirteagal 19.

Airteagal 18 7.
Díreach tar éis an scéim réitigh a ghlacadh, déanfaidh an Bord é a tharchur chuig an gCoimisiún.

Laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a tharchuirfidh an Bord an scéim réitigh, formhuineoidh an Coimisiún an scéim réitigh nó cuirfidh sé ina haghaidh, maidir le gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh sna cásanna nach gcumhdaítear sa tríú fomhír den mhír seo nó maidir leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as Státchabhair nó as cabhair ón gCiste nach meastar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

Laistigh de 12 uair an chloig den scéime réitigh a tharchur chuig an mBord, féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a mholadh don Chomhairle:

(a) 

agóid a dhéanamh in aghaidh na scéime réitigh ar an bhforas nach bhfuil an critéar i leith leas an phobail dá dtagraítear i mír 1(c) á chomhlíonadh ag an mBord;

(b) 

modhnú ábhartha maidir le méid an Chiste dá bhforáiltear i scéim réitigh an Bhoird a fhormheas nó agóid a dhéanamh ina aghaidh.

Chun críocha an tríú fomhír, is trí thromlach simplí a ghníomhóidh an Chomhairle.

Ní fhéadfaidh an scéim réitigh teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid sainráite ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 huaire tar éis don Bhord í a tharchur.

Déanfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, cúiseanna a sholáthar chun a gcumhacht agóide a fheidhmiú.

Más rud é, laistigh de 24 huaire an chloig ón scéim réitigh a tharchur chuig an mBord, go mbeidh an togra ón gCoimisiún maidir le modhnú a dhéanamh ar an scéim réitigh formheasta ag an gComhairle ar an bhforas dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír nó go mbeidh agóid déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh an Bord, laistigh d'ocht n-uaire an chloig, scéim réitigh a mhodhnú i gcomhréir leis na cúiseanna a bheidh sainráite.

Nuair a fhorálfar i scéim réitigh arna glacadh ag an mBord chun dliteanais áirithe sna himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 27(5), agus i gcás ina n-éileofar ranníocaíocht ón gCiste nó ó fhoinse mhaoiniúcháin mhalartach leis an eisiamh sin chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar an eisiamh molta a thoirmeasc nó a éileamh, agus cúiseanna leormhaithe á leagan amach aige bunaithe ar shárú na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 27 agus sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 44(11) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 18 8.
I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle agóid in aghaidh institiúid a chur faoi réiteach ar an bhforas nach mbeidh an critéar i leith leas an phobail dá dtagraítear i mír 1(c) comhlíonta, déanfar an t-eintiteas ábhartha a fhoirceannadh go hordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
Airteagal 18 9.
Áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an ghníomhaíocht réitigh is gá chun an scéim réitigh a chur i gcrích. Díreofar an scéim réitigh chuig na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha agus tabharfar treoir inti do na húdaráis sin, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá chun cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29, trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú. I gcás Státchabhair nó cabhair ón gCiste a bheith i gceist, gníomhóidh an Bord i gcomhréir le cinneadh maidir leis an gcabhair sin a bheidh glactha ag an gCoimisiún.
Airteagal 18 10.
Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún aon fhaisnéis a mheasann sé a bheith ábhartha chun a chúraimí a fheidhmiú faoin Rialachán seo a fháil ón mBord. Beidh se de chumhacht ag an mBord, i gcomhréir le Caibidil 5 den Teideal seo, aon fhaisnéis is gá le gur féidir leis gníomhaíocht réitigh a ullmhú agus cinneadh a dhéanamh faoi, lena n-áirítear faisnéis atá cothrom le dáta agus faisnéis fhorlíontach a thugtar sna pleananna réitigh, a fháil ó aon duine.
Airteagal 18 11.
I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a fheidhmiú faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo.
Airteagal 18 12.
Féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 84b(2) de Threoir 2014/59/AE a fheidhmiú. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas