|
+Airteagal 18 7. |
Airteagal 18 7.Díreach tar éis an scéim réitigh a ghlacadh, déanfaidh an Bord é a tharchur chuig an gCoimisiún. Laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a tharchuirfidh an Bord an scéim réitigh, formhuineoidh an Coimisiún an scéim réitigh nó cuirfidh sé ina haghaidh, maidir le gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh sna cásanna nach gcumhdaítear sa tríú fomhír den mhír seo nó maidir leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as Státchabhair nó as cabhair ón gCiste nach meastar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Laistigh de 12 uair an chloig den scéime réitigh a tharchur chuig an mBord, féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a mholadh don Chomhairle:
(a)
agóid a dhéanamh in aghaidh na scéime réitigh ar an bhforas nach bhfuil an critéar i leith leas an phobail dá dtagraítear i mír 1(c) á chomhlíonadh ag an mBord;
(b)
modhnú ábhartha maidir le méid an Chiste dá bhforáiltear i scéim réitigh an Bhoird a fhormheas nó agóid a dhéanamh ina aghaidh. Chun críocha an tríú fomhír, is trí thromlach simplí a ghníomhóidh an Chomhairle. Ní fhéadfaidh an scéim réitigh teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid sainráite ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 huaire tar éis don Bhord í a tharchur. Déanfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, cúiseanna a sholáthar chun a gcumhacht agóide a fheidhmiú. Más rud é, laistigh de 24 huaire an chloig ón scéim réitigh a tharchur chuig an mBord, go mbeidh an togra ón gCoimisiún maidir le modhnú a dhéanamh ar an scéim réitigh formheasta ag an gComhairle ar an bhforas dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír nó go mbeidh agóid déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh an Bord, laistigh d'ocht n-uaire an chloig, scéim réitigh a mhodhnú i gcomhréir leis na cúiseanna a bheidh sainráite. Nuair a fhorálfar i scéim réitigh arna glacadh ag an mBord chun dliteanais áirithe sna himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 27(5), agus i gcás ina n-éileofar ranníocaíocht ón gCiste nó ó fhoinse mhaoiniúcháin mhalartach leis an eisiamh sin chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar an eisiamh molta a thoirmeasc nó a éileamh, agus cúiseanna leormhaithe á leagan amach aige bunaithe ar shárú na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 27 agus sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 44(11) de Threoir 2014/59/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|