+Airteagal 31a 11.
|
Airteagal 31a 11.
Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an Bord don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá. Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|