+Airteagal 31a Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile
---+Airteagal 31a 1.
---+Airteagal 31a 2.
---+Airteagal 31a 3.
---+Airteagal 31a 4.
---+Airteagal 31a 5.
---+Airteagal 31a 6.
---+Airteagal 31a 7.
---+Airteagal 31a 8.
---+Airteagal 31a 9.
---+Airteagal 31a 10.
---+Airteagal 31a 11.
---+Airteagal 31a 12.

Airteagal 31a Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31a 1.
Comhroinnfidh an Bord, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.
Airteagal 31a 2.
Iarrfaidh an Bord faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó institiúidí airgeadais, ar choinníoll go bhfuil an Bord i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar do chumhachtaí an Bhoird an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá an fhaisnéis a fháil go díreach ó institiúidí airgeadais chun cúraimí an Bhoird a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

Airteagal 31a 3.
Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus an Bord faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 88 agus 89 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus idir an institiúid airgeadais agus an Bord.

Airteagal 31a 4.
I gcás ina malartaíonn an Bord faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach institiúid airgeadais, má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó institiúidí airgeadais, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mBord an institiúid airgeadais nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.
Airteagal 31a 5.

De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mBord an t-údarás ná an institiúid airgeadais, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b) 

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

Airteagal 31a 6.
De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an Bord an institiúid airgeadais ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann sé, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas é, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.
Airteagal 31a 7.
Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an Bord ó institiúid airgeadais nó ó údaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an mBord uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an Bord ar shlí eile.
Airteagal 31a 8.
Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an Bord agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.
Airteagal 31a 9.
Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an Bord agus na hÚdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an Bord agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

Airteagal 31a 10.

Féadfaidh an Bord agus na húdaráis réitigh, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an Bord nó an t-údarás réitigh a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí aonair, ná, i gcás inarb é an Bord a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair a shainaithint;

(b) 

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

Airteagal 31a 11.
Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an Bord don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

Airteagal 31a 12.

Chun críocha an Airteagail seo, agus Airteagal 88(7), ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a) 

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach;

(b) 

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(c) 

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde;

(d) 

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;

(e) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cé is moite de na húdaráis náisiúnta réitigh;

(f) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(g) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(h) 

na húdaráis atá sa sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(i) 

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );

(j) 

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ).

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas