+Airteagal 54 2.

Airteagal 54 2.

►M6  Agus a dhualgais de bhun mhír 1 den Airteagal seo á bhfeidhmiú aige, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún feidhmiúcháin: ◄

(a) 

pleananna réitigh a ullmhú, a mheasúnú agus a fhormheas do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 6a(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 11;

(b) 

oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus ar na heintits agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(c) 

an t-íoschleanglas a chinneadh do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a chaithfidh na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) a chomhlíonadh seasta i gcomhréir le hAirteagal 12 nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna seo á gcomhlíonadh;

(d) 

scéim réitigh a chur ar fáil don Choimisiún chomh luath agus is féidir i gcomhréir le hAirteagal 18 lena ngabhfaidh an fhaisnéis ábhartha uile a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin in am trátha measúnú agus cinneadh a dhéanamh nó, i gcás inarb iomchuí, cinneadh a mholadh don Chomhairle, de bhun Airteagal 18(7);

(e) 

cinneadh faoi chuid II de bhuiséad an Bhoird maidir leis an gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 60;

▼M6

(f) 

comhairliúcháin a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2a maidir le treoirlínte, treoracha ginearálta agus aon ionstraimí eile a bhfuil feidhm ghinearálta acu laistigh den Sásra Réitigh Aonair ina leagtar amach an chaoi a bhfuil sé ar intinn ag an mBord an Rialachán seo a chur chun feidhme.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas