+Airteagal 65 Ranníocaíochtaí chuig caiteachais riaracháin an Bhoird
---+Airteagal 65 1.
---+Airteagal 65 2.
---+Airteagal 65 3.
---+Airteagal 65 4.
---+Airteagal 65 5.
|
Airteagal 65 Ranníocaíochtaí chuig caiteachais riaracháin an Bhoird
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 65 1.
|
Ranníocfaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 le cuid I de bhuiséad an Bhoird i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí arna nglacadh de bhun mhír 5den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 65 2.
|
Socrófar méideanna na ranníocaíochtaí ag leibhéal áirithe lena áirithiú gur leor an t-ioncam ina leith i bprionsabal chun go mbeidh cuid I de bhuiséad an Bhoird comhardaithe gach bliain.
|
|
Airteagal 65 3.
|
Cinnfidh agus cruinneoidh an Bord, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, na ranníocaíochtaí atá dlite ag gach eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcinneadh arna dhíriú chuig an eintiteas lena mbaineann. Cuirfidh an Bord rialacha nós imeachta, tuairiscithe agus eile i bhfeidhm lena n-áiritheofar go n-íocfar na ranníocaíochtaí go hiomlán agus in am.
|
|
Airteagal 65 4.
|
Ní úsáidfear na méideanna arna gcruinniú i gcomhréir le mír 1, le mír 2 agus le mír 3 ach amháin chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 65 5.
|
Cumhachtófar don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le ranníocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 93 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
na cineálacha ranníocaíochtaí agus na hábhair a bhfuil na ranníocaíochtaí dlite ina leith, an modh ina ríomhtar méid na ranníocaíochtaí agus an tslí ina n-íoctar iad a chinneadh;
(b)
rialacha maidir le clárú, cuntasaíocht, tuairisciú agus eile dá dtagraítear i mír 3 a shonrú a bhfuil gá leo chun a áirithiú go n-íocfar na ranníocaíochtaí go hiomlán agus go tráthúil;
(c)
na ranníocaíochtaí bliantúla is gá a chinneadh chun caiteachas riaracháin an Bhoird a chumhdach, sula dtiocfaidh sé chun a bheith go hiomlán oibríochtúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|