Airteagal 64
Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí agus leis an gCoimisiún, forálacha airgeadais inmheánacha a ghlacadh, ina sonraítear, go háirithe, an nós imeachta mionsonraithe chun a bhuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 61 agus le hAirteagal 63.
A mhéid is comhoiriúnach le cineál áirithe an Bhoird, beidh na forálacha airgeadais bunaithe ar an gcreat-Rialachán airgeadais a glacadh do chomhlachtaí arna mbunú faoin CFAE i gcomhréir le hAirteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
).