+Airteagal 95 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Airteagal 95 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Airteagal 95

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“(2) ciallaíonn ‘údaráis inniúla’:

(i) 

údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i dTreoir 2007/64/CE, agus amhail dá dtagraítear i dTreoir 2009/110/CE;

(ii) 

a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE agus Treoir 2005/60/CE, na húdaráis atá inniúil lena áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais ceanglais na dTreoracha sin;

(iii) 

a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaithe taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaithe taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), nó, i gcás ina mbeidh oibriú na scéime ráthaíochta taiscí á riar ag cuideachta phríobháideach, an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin; agus

(iv) 

a mhéid a bhaineann le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ), na húdaráis réitigh, arna sainmhíniú in Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus an Chomhairle agus an Coimisiún nuair a bheidh gníomhaíochtaí á ndéanamh acu faoi Airteagal 18 den Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ach amháin i gcás ina mbeidh cumhachtaí lánroghnacha á bhfeidhmiú acu nó roghanna beartais á ndéanamh acu.

(2) 

In Airteagal 25, cuirtear isteach an mír seo a leanas:

“1a.  
Féadfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha an Bhoird, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, agus ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanann údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa Sásra Réitigh Aonair i réiteach grúpaí trasteorann dóibh a eagrú agus a chur i gcrích chun éifeachtacht agus comhsheasmhacht torthaí a threisiú. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh.”;
(3) 

In Airteagal 40(6), cuirtear isteach an fomhír seo a leanas:

“Chun go ngníomhóidh sé laistigh de raon feidhme Threoir 2014/59/AE, beidh Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair ina bhreathnadóir don Bhord Stiúrthóirí.”

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas