9. I gcás ina n-úsáidtear an uirlis um leachtú sócmhainneach agus i gcás ina dtagann glanluach sócmhainní an ghnóthais faoi réiteach i mbun leachtaithe shócmhainnigh le bheith diúltach, déanfaidh an t-údarás réitigh measúnú ar cheart an gnóthas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó ar cheart uirlis eile réitigh a chur i bhfeidhm.
I gcás nach gcomhlíonfar an tÍoscheanglas Caipitil a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 5, de Threoir 2009/138/CE, déanfaidh an t-údarás réitigh measúnú, i ndlúthchomhar leis an údarás maoirseachta, ar cheart an gnóthas a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó ar cheart uirlis eile réitigh a chur i bhfeidhm.