+Airteagal 28 Prionsabail maidir le cur i bhfeidhm na huirlise deighilte sócmhainní agus dliteanas, na huirlise díolta gnó, agus na huirlise gnóthais idirlinne
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2
---+Airteagal 28 3
---+Airteagal 28 4
---+Airteagal 28 5
---+Airteagal 28 6
---+Airteagal 28 7
|
Airteagal 28 Prionsabail maidir le cur i bhfeidhm na huirlise deighilte sócmhainní agus dliteanas, na huirlise díolta gnó, agus na huirlise gnóthais idirlinne
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh, faoi réir Airteagal 31(5) agus (6) agus Airteagal 67, an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne a úsáid gan toiliú scairshealbhóirí an ghnóthais faoi réiteach ná toiliú aon tríú páirtí a fháil, cé is moite den cheannaitheoir nó den ghnóthas idirlinne, agus gan aon cheanglas nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n-urrús a chomhlíonadh, seachas na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 29.
|
|
Airteagal 28 2
|
2. Faoi réir Airteagal 26(2) agus (5), is iad na daoine seo a leanas a bhainfidh tairbhe as aon chomaoin a íocann an ceannaitheoir nó an gnóthas idirlinne:
|
(a)
|
úinéirí na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta eile, i gcás ina ndearnadh na scaireanna sin nó na hionstraimí úinéireachta eile sin a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na scaireanna sin nó na n-ionstraimí sin chuig an gceannaitheoir nó chuig an ngnóthas idirlinne;
|
|
(b)
|
an gnóthas faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh cuid de shócmhainní nó de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach, nó iad ar fad, a aistriú chuig an gceannaitheoir nó chuig an ngnóthas idirlinne.
|
|
|
Airteagal 28 3
|
3. Faoi réir Airteagal 26(2) agus (5), bainfidh an gnóthas faoi réiteach tairbhe as aon chomaoin arna híoc ag gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas dá dtagraítear in Airteagal 30(2) i ndáil leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais arna bhfáil go díreach ón ngnóthas faoi réiteach. Féadfar comaoin a íoc i bhfoirm fiachais arna eisiúint ag an ngléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas.
|
|
Airteagal 28 4
|
4. Aistrithe a dhéanfar trí úsáid a bhaint as an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó nó an uirlis gnóthais idirlinne, beidh siad faoi réir na gcoimircí dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil V.
|
|
Airteagal 28 5
|
5. Féadfaidh na húdaráis réitigh úsáid a bhaint as an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne níos mó ná aon uair amháin chun aistrithe forlíontacha a dhéanamh i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.
|
|
Airteagal 28 6
|
6. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh ceannaitheoir nó gnóthas idirlinne dá dtagraítear i mír 1 leanúint de chearta ballraíochta agus rochtana a fheidhmiú, i gcás inarb ábhartha, i dtaca le córais íocaíochta, imréitigh agus socraíochta, le stocmhalartáin, agus le scéimeanna ráthaíochta árachais de chuid an ghnóthais faoi réiteach, ar choinníoll go gcomhlíonann an ceannaitheoir nó an gnóthas idirlinne na critéir bhallraíochta agus rannpháirtíochta chun páirt a ghlacadh sna córais sin.
I gcásanna nach gcomhlíontar na critéir go léir a liostaítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha:
|
(a)
|
nach ndiúltófar ballraíocht ná rannpháirtíocht i gcórais íocaíochta, imréitigh agus socraíochta, i stocmhalartáin ná i scéimeanna ráthaíochta árachais ar an bhforas nach bhfuil rátáil ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag an gceannaitheoir ná ag an ngnóthas idirlinne, nó nach bhfuil an rátáil sin i gcomhréir leis na leibhéil rátála is gá chun rochtain a fháil ar na córais sin;
|
|
(b)
|
i gcás nach gcomhlíonann an ceannaitheoir ná an gnóthas idirlinne critéir bhallraíochta nó rannpháirtíochta córas íocaíochta, imréitigh nó socraíochta, stocmhalartáin nó scéim ráthaíochta árachais, go bhfeidhmeofar na cearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse a shonróidh na húdaráis réitigh, nach faide ná 24 mhí, agus ar féidir í a athnuachan ar iarratas ón gceannaitheoir nó ón ngnóthas idirlinne chuig an údarás réitigh.
|
|
|
Airteagal 28 7
|
7. Gan dochar do Theideal III, Caibidil V, maidir le scairshealbhóirí nó creidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach nó tríú páirtithe eile nach n-aistrítear a sócmhainní, a gcearta ná a ndliteanais trí úsáid a bhaint as an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó nó an uirlis gnóthais idirlinne, ní bheidh aon cheart ná éileamh acu ar na sócmhainní, ar na cearta ná ar na dliteanais a aistrítear nó maidir leo, nó ní bheidh aon cheart ná éileamh acu ar an gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó bainistíocht shinsearach an ghnóthais idirlinne ná ar shócmhainní agus dliteanais an ghléis bainistíochta nó maidir leo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|