+Airteagal 34 Aistriú chuig scéimeanna ráthaíochta árachais
---+Airteagal 34 1
---+Airteagal 34 2
---+Airteagal 34 3
|
Airteagal 34 Aistriú chuig scéimeanna ráthaíochta árachais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1
|
1. De mhaolú ar Airteagail 32 agus 33, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go sannfar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne do scéim ráthaíochta árachais iomchuí. Agus leasanna sealbhóirí polasaí, leanúnachas caidrimh árachais agus socrú éileamh á n-áirithiú, agus á áirithiú freisin go bhfuil cuspóirí na Treorach seo á gcomhlíonadh go leordhóthanach fós, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas a aistriú chuig scéim ráthaíochta árachais den sórt sin:
|
(a)
|
na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag gnóthas amháin nó níos mó atá faoi réiteach; nó
|
|
(b)
|
na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag gnóthas amháin nó níos mó faoi réiteach.
|
Áiritheoidh na húdaráis réitigh nach mó luach iomlán na ndliteanas a aistríodh chuig an scéim ráthaíochta árachais ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní a aistríodh ón ngnóthas faoi réiteach.
|
|
Airteagal 34 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go n-urramóidh scéim ráthaíochta árachais dá sanntar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne na ceanglais seo a leanas:
|
(a)
|
d’fhormheas an t-údarás réitigh doiciméid bhunreachtúla an ghnóthais idirlinne;
|
|
(b)
|
déanfaidh an t-údarás réitigh luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus cinnfidh sé a gcuid freagrachtaí;
|
|
(c)
|
ní dhéanfaidh an gnóthas idirlinne conarthaí árachais nua a thabhairt i gcrích ná ní dhéanfaidh sé conarthaí árachais atá ann cheana a athrú ar shlí a d’fhéadfadh éilimh árachais i gcoinne an ghnóthais idirlinne a mhéadú;
|
|
(d)
|
tá an scéim ráthaíochta árachais faoi réir rialacha agus cuspóirí ginearálta na maoirseachta árachais chun leibhéal leordhóthanach cosanta do shealbhóirí polasaí a áirithiú.
|
Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir le scéim ráthaíochta árachais dá sanntar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne má dhéantar aon sócmhainní, cearta, dliteanais nó cearta úinéireachta a aistrítear a leithscaradh ó shócmhainní, cearta agus dliteanais eile na scéime ráthaíochta árachais agus mura n-íoctar luach saothair ó na sócmhainní aistrithe.
|
|
Airteagal 34 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cistiú scéime ráthaíochta árachais dá sanntar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne leordhóthanach chun leanúint de chaidrimh árachais agus chun socrú éileamh árachais a ráthú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|