+Airteagal 36 Láimhseáil scairshealbhóirí nuair a chuirtear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm
---+Airteagal 36 1
---+Airteagal 36 2
---+Airteagal 36 3
---+Airteagal 36 4
|
Airteagal 36 Láimhseáil scairshealbhóirí nuair a chuirtear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1
|
1. Agus an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh ceann amháin nó an dá cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas i ndáil le scairshealbhóirí:
|
(a)
|
scaireanna atá ann cheana nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú, nó iad a aistriú chuig creidiúnaithe ar comhshódh a n-éilimh;
|
|
(b)
|
ar choinníoll go léirítear sa luacháil a dhéantar faoi Airteagal 23 go bhfuil glanluach deimhneach ag an ngnóthas faoi réiteach, líon na scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile atá i seilbh faoi láthair a chaolú trí ionstraimí caipitil ábhartha nó ionstraimí fiachais ábhartha a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach, nó dliteanais incháilithe eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach a chomhshó ina scaireanna nó ina n-ionstraimí úinéireachta eile, de bhun chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó.
|
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, déanfar an comhshó ar ráta comhshó lena gcaolófar go mór líon na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta eile atá i seilbh faoi láthair.
|
|
Airteagal 36 2
|
2. Nuair a mheastar cé acu gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 atá le déanamh, tabharfaidh na húdaráis réitigh aird ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an luacháil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23;
|
|
(b)
|
an méid atá míreanna Leibhéal 1 le laghdú agus atá ionstraimí caipitil ábhartha le díluacháil nó le comhshó de réir mheasúnú an údaráis réitigh, de bhun Airteagal 38(1).
|
|
|
Airteagal 36 3
|
3. De mhaolú ar Airteagail 57 go 62 de Threoir 2009/138/CE, i gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(1) den Treoir sin, de thoradh ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach, nó dliteanais incháilithe eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach a chomhshó, déanfaidh údaráis mhaoirseachta an measúnú dá dtagraítear faoi na hAirteagail sin go tráthúil nach gcuireann moill ar chomhshó na n-ionstraimí caipitil nó nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach.
|
|
Airteagal 36 4
|
4. I gcás nach gcuireann údarás maoirseachta an ghnóthais sin an measúnú a cheanglaítear faoi mhír 3 i gcrích faoin dáta a dhéanfar na hionstraimí caipitil a chomhshó, beidh feidhm ag Airteagal 31(6) maidir le haon éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach arna dhéanamh ag faighteoir de thoradh ionstraimí caipitil a chomhshó.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|