1. Agus an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh ceann amháin nó an dá cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas i ndáil le scairshealbhóirí:
|
(a)
|
scaireanna atá ann cheana nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú, nó iad a aistriú chuig creidiúnaithe ar comhshódh a n-éilimh;
|
|
(b)
|
ar choinníoll go léirítear sa luacháil a dhéantar faoi Airteagal 23 go bhfuil glanluach deimhneach ag an ngnóthas faoi réiteach, líon na scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile atá i seilbh faoi láthair a chaolú trí ionstraimí caipitil ábhartha nó ionstraimí fiachais ábhartha a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach, nó dliteanais incháilithe eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach a chomhshó ina scaireanna nó ina n-ionstraimí úinéireachta eile, de bhun chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó.
|
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, déanfar an comhshó ar ráta comhshó lena gcaolófar go mór líon na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta eile atá i seilbh faoi láthair.