3. I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid atá fós le híoc i leith dliteanais, go nialas trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (g), láimhseálfar an dliteanas sin agus aon oibleagáid nó éileamh a eascraíonn maidir leis an dliteanas, nach raibh tabhaithe tráth a bhí an chumhacht sin á feidhmiú, mar urscaoilte chun na gcríoch uile agus ní bheidh sé inchruthaithe in aon imeacht eile ina dhiaidh sin maidir leis an ngnóthas faoi réiteach nó aon eintiteas comharba in aon fhoirceannadh ina dhiaidh sin.