+Airteagal 40 Díluacháil nó comhshó dliteanas a eascraíonn as díorthaigh
---+Airteagal 40 1
---+Airteagal 40 2
---+Airteagal 40 3
---+Airteagal 40 4

Airteagal 40 Díluacháil nó comhshó dliteanas a eascraíonn as díorthaigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfeidhmeoidh údaráis réitigh na cumhachtaí díluachála ná comhshó maidir le dliteanas a eascraíonn as díorthach ach tráth a ghlantar na díorthaigh amháin, nó ina dhiaidh sin. Tráth a théitear faoi réiteach, beidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh conradh díorthaigh ar bith a fhoirceannadh agus a ghlanadh chun na críche sin. I gcás ina ndearnadh dliteanas díorthaigh a eisiamh ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó faoi Airteagal 35(8), ní bheidh oibleagáid ar údaráis réitigh an conradh díorthaigh a fhoirceannadh ná a ghlanadh.

Airteagal 40 2

2.   I gcás ina bhfuil idirbhearta díorthaigh faoi réir comhaontú glanluachála, cinnfidh an t-údarás réitigh nó luachálaí neamhspleách, mar chuid den luacháil faoi Airteagal 23, an dliteanas a eascraíonn as na hidirbhearta sin ar bhonn glan i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe glanluachála.

Airteagal 40 3

3.   Cinnfidh údaráis réitigh luach na ndliteanas a eascraíonn as díorthaigh i gcomhréir leis an méid seo a leanas uile:

(a)

modheolaíochtaí iomchuí chun luach aicmí díorthach a chinneadh, lena n-áirítear idirbhearta atá faoi réir comhaontuithe glanluachála;

(b)

prionsabail chun an pointe ábhartha ama a bhunú inar cheart luach staid díorthaigh a bhunú;

(c)

modheolaíochtaí iomchuí chun an dochar a dhéanfaí don luach de thoradh ar ghlanadh agus díorthaigh i gcás díluacháil nó comhshó díorthach a chur i gcomparáid le méid na gcaillteanas a d’iompródh díorthaigh i gcás díluacháil nó comhshó díorthach.

Airteagal 40 4

4.   Forbróidh EIOPA, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na modheolaíochtaí agus na prionsabail a leagtar síos i mír 3 maidir le luacháil dliteanas a eascraíonn as díorthaigh. Maidir le hidirbhearta díorthaigh atá faoi réir comhaontú glanluachála, cuirfidh EIOPA an mhodheolaíocht glanta a leagtar amach sa chomhaontú glanluachála san áireamh.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas