+Airteagal 41 Constaicí nós imeachta maidir le díluacháil nó comhshó a bhaint
---+Airteagal 41 1
---+Airteagal 41 2

Airteagal 41 Constaicí nós imeachta maidir le díluacháil nó comhshó a bhaint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1

1.   I gcás ina gcuirfear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm, agus i gcás inarb infheidhme, ceanglóidh na Ballstáit ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), líon leordhóthanach scairchaipitil údaraithe nó ionstraimí eile Leibhéal 1 a choinneáil ar bun i gcónaí chun a áirithiú nach gcuirfear cosc leis na gnóthais agus leis na heintitis sin scaireanna nua leordhóthanacha nó ionstraimí úinéireachta eile a eisiúint lena áirithiú gur féidir comhshó éifeachtach dliteanas i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú ar chomhlíontacht leis an gceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír i gcomhthéacs fhorbairt agus chothabháil na bpleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10.

Airteagal 41 2

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon bhac nós imeachta ar dhliteanais a chomhshó ina scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, atá ann de bhua a n-ionstraimí corpraithe nó a reachtanna, lena n-áirítear cearta réamhghabhála do scairshealbhóirí nó ceanglais maidir le toiliú scairshealbhóirí a fháil i leith méadú ar chaipiteal.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas