4. Beidh an ceart chun achomhairc dá dtagraítear i mír 3 faoi réir na gceangal seo a leanas:
|
(a)
|
agus achomharc á thaisceadh, ní bheidh aon fhionraí uathoibríoch i gceist le héifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne;
|
|
(b)
|
beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorfheidhmithe láithreach agus dá thoradh sin beidh toimhde infhrisnéise ann gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí.
|
I gcás inar gá chun leasanna tríú páirtithe a chosaint, ar tríú páirtithe iad a ghníomhaíonn de mheon macánta agus a fuair scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid gnóthas faoi réiteach de bhua úsáid uirlisí réitigh nó feidhmiú cumhachtaí réitigh ag údarás réitigh, le neamhniú cinnidh de chuid údarás réitigh, ní dhéanfar difear d’aon ghníomh riaracháin nó idirbheart iardain arna dhéanamh ag an údarás réitigh lena mbaineann, ar gníomhartha nó idirbhearta iad a bhí bunaithe ar an gcinneadh arna neamhniú. Sa chás sin, beidh leigheasanna ar chinneadh nó ar ghníomhaíocht éagórach de chuid na n-údarás réitigh teoranta do chúiteamh as an gcaillteanas a bhain don iarratasóir de dheasca an chinnidh nó an ghnímh a cuireadh ar neamhní.