3. I gcás ina n-áirítear grúpscéim réitigh leis na gníomhaíochtaí nó na bearta arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, beidh an ghrúpscéim réitigh i bhfoirm cinneadh comhpháirteach de chuid an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus na n-údarás réitigh atá freagrach as na foghnóthais arna gcumhdach ag an ngrúpscéim réitigh.
Féadfaidh EIOPA, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.