+Airteagal 8 5.

Airteagal 8 5.

I gcás nach luaitear na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh, ná i bhforlíonadh, cuirfidh an t-eisitheoir ar fáil don phobal iad i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21 agus comhdóidh sé iad le húdarás inniúil an Bhallstáit baile, a luaithe is féidir a tráth a thairgeann urrúis don phobal agus, más féidir, sula gcuirfear tús leis na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

Cuirfear ráiteas soiléir agus feiceálach isteach sna téarmaí críochnaitheacha á thabhairt le fios:

(a) 

gur chun críche an Rialacháin seo a ullmhaíodh na téarmaí críochnaitheacha agus nach mór iad a léamh in éineacht leis an réamheolaire bunaidh agus an forlíonadh nó na forlíontaí a ghabhann leis d'fhonn an fhaisnéis ábhartha go léir a fháil;

(b) 

an áit ar foilsíodh an réamheolaire bunaidh agus an forlíonadh nó na forlíontaí a ghabhann leis i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21;

(c) 

go bhfuil achoimre den eisiúint ar leith i gceangal leis na téarmaí críochnaitheacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas