Féadfaidh ÚEUM, nó an Coimisiún i gcás ina n-iarrann sé amhlaidh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, chun na cásanna sin a shonrú inar féidir faisnéis a fhágáil ar lár i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé san áireamh na tuarascálacha sin a chuir údaráis inniúla faoi bhráid ÚEUM dá dtagraítear i mír 1.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.