+Airteagal 47 Tuarascáil ÚEUM ar réamheolairí
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
|
Airteagal 47 Tuarascáil ÚEUM ar réamheolairí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1.
|
Bunaithe ar na doiciméid arna gcur ar fáil don phobal tríd an sásra dá dtagraítear in Airteagal 21(6), foilseoidh ÚEUM gach bliain tuarascáil ina mbeidh
►C1
staidreamh ◄ faoi na réamheolairí a fhormheastar agus a dtugtar fógra maidir leo san Aontas agus anailís ar threochtaí, agus cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh inti:
▼M5
(a)
na cineálacha eisitheoirí, go háirithe na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 15a(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d);
▼B
(b)
na cineálacha eisiúintí, go háirithe comaoin iomlán na dtairiscintí, na cineálacha urrús inaistrithe, na cineálacha an ionaid trádála agus na hainmníochta.
|
|
Airteagal 47 2.
|
Beidh an méid seo a leanas go háirithe sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:
▼M5
(a)
anailís ar a mhéid a úsáidtear ar fud an Aontais na córais nochta a leagtar amach in Airteagail 14a agus 15a, agus an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9;
▼B
(b)
►C1
staidreamh ◄ faoi na réamheolairí bunaidh agus na téarmaí críochnaitheacha, agus faoi réamheolairí a tarraingíodh suas mar dhoiciméid ar leithligh nó mar dhoiciméad amháin;
(c)
►C1
staidreamh ◄ faoi mheánchomaoin agus faoi chomaoin iomlán na dtairiscintí urrús don phobal faoi réir an Rialacháin seo, ag cuideachtaí neamhliostaithe, cuideachtaí a bhfuil a n-urrúis á dtrádáil ar MTFanna, lena n-áirítear margaí fáis FBManna, agus cuideachtaí a ligtear isteach a n-urrúis chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte. I gcás inarb infheidhme, úsáidfear na
►C1
staidreamh ◄ sin chun miondealú a dhéanamh idir na chéad tairiscintí don phobal agus tairiscintí ina dhiaidh sin, agus idir urrúis chothromais agus urrúis neamhchothromais;
(d)
►C1
staidreamh ◄ maidir le húsáid na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt atá in Airteagal 25 agus Airteagal 26, lena n-áirítear miondealú in aghaidh an Bhallstáit maidir le líon na ndeimhnithe formheasa ar tugadh fógra maidir leo i ndáil le réamheolairí, doiciméid chlárúcháin agus doiciméid clárúcháin uilíoch.
|
|
Airteagal 47 3.
|
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:
(a)
anailís ar a mhéid a úsáidtear ar fud an Aontais na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, pointí (da) agus (db), agus in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (ba), lena n-áirítear staidreamh ar na doiciméid dá dtagraítear sna hAirteagail sin a comhdaíodh leis na húdaráis inniúla;
(b)
staidreamh maidir leis na doiciméid chlárúcháin uilíocha dá dtagraítear in Airteagal 9 a comhdaíodh leis na húdaráis inniúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|